Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Páipéir
Title
Na Páipéir
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 22, 1904 Na Páipéir An tseachtmhain seo ghaibh tharainn do chomhairligheamair do mhuinntir na Gaedhilge úsáid a dhéanamh de sna páipéaraibh nuaidheachta. Badh mhaith linn beagán eile a rádh um an gceist seo. Tá éin-nídh amháin deimhnitheach, pé scéal é. An chraobh ná bíonn tuairiscí uaithi ins na páipéaraibh is baoghalach nach fada í a ré, ní thagann críoch iomlán ar a maitheas, & is suarach an urradh í i gcoinnibh tonn bháidhte an Ghalluighthe atá ag múchadh aigne urmhóir de mhuinntir na hÉireann fá láthair. Is maith an rud é craobh de Chonnradh na Gaedhilge a chur ar bun. Is fearr 'ná soin an Ghaedhilg a bheith ghá mhúineadh go dícheallach san gcraoibh nuair a chuirtear ar bun í. Acht do b'fhearr & badh thairbhighe 'ná iad-san araon, dar linne, a chur i n-umhail do'n tsluagh coithchianta a bhuacaighe & a fheabhas atá an obair a dhéanamh. Chuige seo is éigin dúinn tarrach ar na páipéaraibh nuaidheachta, & gnáth-úsáid a dhéanamh dhíobh. Ná bímís ag claoidhe le nathair nimhe an Ghalldachais a mharbhadh i gcúil dorcha sheomra ár gcraoibhe. Tagthar amach i lár buill an mhacha, & annsoin i radharc an phobail go leir cuirtear cádh-héic ann a mhúinfidh go mear fios ár n-aigne dhó. Do b'fhearr fá mhíle éan-nathair nimhe amháin a shárughadh ar an gcuma so 'ná dá mbeimís ag obair sa chúil go ceann leath-bhliadhna. Deinimís ár ngnó i radharc an tsaoghail. Cuirimís na páipéir ar siubhal & coimeádaimís ag obair iad go dtí go gcuirfeam ar crith iad ar chuma ná leogfaidh eagla dhóibh focal a labhairt. Táimíd láidir ár ndóthain chuige seo anois & níl dá luaithe a thosnóchaimíd air ná gurab amhlaidh is fearra dhúinn é. Is ceart dúinn gan a dhearmhad go bhfuil an Ghalldachas go tiugh i n-ár measc, & go bhfuil d'fhiachaibh orainn ár ndícheall a dheánamh ar é ruagadh as an dtír ar fad. Caithfear seasamh go dána os a chomhair amach & gach éan- bhuille níos déine 'ná a chéile a thabhairt air. Ní féidir soin a dhéanamh gan congnamh na bpáipéar nuaidheachta. Deintear úsáid díobh coitchianta. Tá cuid de sna páipéaraibh céadna doicheallach a ndóthain. Acht is féidir an ceann smách d'fhágháil ortha. Bíonn eagla an domhain ortha roimh ghnáth- thuairim an phobail. Ní raghaidís i gcoinnibh tola an tsluaigh. Is féidir linn éan-uair is maith linn a chur i n-umhail do lucht stiúrtha páipéar go bhfuil guth an phobail ar ár dtaobh-ne. Deinimís amhlaidh ar lucht an pháipéir ainrianta, & is gearr go bhfeicfear atharrughadh breille ortha. Is í ár gcomhairle do gach chraoibh úsáid a dhéanamh de sna páipéaraibh; go deimhin níor mhór cuid aca a chur ag déanamh rud éigin fóghanta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services