Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Páipéir

Title
Na Páipéir
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 22, 1904



Na Páipéir



An tseachtmhain seo ghaibh tharainn
do chomhairligheamair do mhuinntir na
Gaedhilge úsáid a dhéanamh de sna
páipéaraibh nuaidheachta. Badh mhaith
linn beagán eile a rádh um an gceist
seo. Tá éin-nídh amháin deimhnitheach,
pé scéal é. An chraobh ná bíonn
tuairiscí uaithi ins na páipéaraibh is
baoghalach nach fada í a ré, ní thagann
críoch iomlán ar a maitheas, & is
suarach an urradh í i gcoinnibh tonn
bháidhte an Ghalluighthe atá ag múchadh
aigne urmhóir de mhuinntir na hÉireann
fá láthair.



Is maith an rud é craobh de Chonnradh
na Gaedhilge a chur ar bun. Is fearr
'ná soin an Ghaedhilg a bheith ghá
mhúineadh go dícheallach san gcraoibh
nuair a chuirtear ar bun í. Acht do
b'fhearr & badh thairbhighe 'ná iad-san
araon, dar linne, a chur i n-umhail do'n
tsluagh coithchianta a bhuacaighe & a
fheabhas atá an obair a dhéanamh.
Chuige seo is éigin dúinn tarrach ar na
páipéaraibh nuaidheachta, & gnáth-úsáid
a dhéanamh dhíobh. Ná bímís ag claoidhe
le nathair nimhe an Ghalldachais a
mharbhadh i gcúil dorcha sheomra ár
gcraoibhe. Tagthar amach i lár buill
an mhacha, & annsoin i radharc an
phobail go leir cuirtear cádh-héic ann
a mhúinfidh go mear fios ár n-aigne dhó.
Do b'fhearr fá mhíle éan-nathair nimhe
amháin a shárughadh ar an gcuma so 'ná
dá mbeimís ag obair sa chúil go ceann
leath-bhliadhna.



Deinimís ár ngnó i radharc an
tsaoghail. Cuirimís na páipéir ar
siubhal & coimeádaimís ag obair iad
go dtí go gcuirfeam ar crith iad ar
chuma ná leogfaidh eagla dhóibh focal a
labhairt. Táimíd láidir ár ndóthain
chuige seo anois & níl dá luaithe a
thosnóchaimíd air ná gurab amhlaidh is
fearra dhúinn é.



Is ceart dúinn gan a dhearmhad go
bhfuil an Ghalldachas go tiugh i n-ár
measc, & go bhfuil d'fhiachaibh orainn ár
ndícheall a dheánamh ar é ruagadh as an
dtír ar fad. Caithfear seasamh go
dána os a chomhair amach & gach éan-
bhuille níos déine 'ná a chéile a
thabhairt air. Ní féidir soin a dhéanamh
gan congnamh na bpáipéar nuaidheachta.
Deintear úsáid díobh coitchianta.



Tá cuid de sna páipéaraibh céadna
doicheallach a ndóthain. Acht is féidir
an ceann smách d'fhágháil ortha. Bíonn
eagla an domhain ortha roimh ghnáth-
thuairim an phobail. Ní raghaidís i
gcoinnibh tola an tsluaigh. Is féidir
linn éan-uair is maith linn a chur i
n-umhail do lucht stiúrtha páipéar go
bhfuil guth an phobail ar ár dtaobh-ne.
Deinimís amhlaidh ar lucht an pháipéir
ainrianta, & is gearr go bhfeicfear
atharrughadh breille ortha. Is í ár
gcomhairle do gach chraoibh úsáid a
dhéanamh de sna páipéaraibh; go
deimhin níor mhór cuid aca a chur ag
déanamh rud éigin fóghanta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services