Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairiscí
Title
Tuairiscí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 15, 1904 Tuairiscí Badh chóir go mbeidís na craobhacha agá socrughadh féin chun oibre an gheimhridh anois. Airighmíd scéala ó gach áird ar bhuidheanta dá gcur ar bun, ar mhúinteóirí dhá gceapadh & ar rudaíbh nach iad. Is maith an comhartha é sin. Ní fuláir dúinn gan a dhear- mhad choidhche gurab é an geimhreadh aimsir an fhéir a shábháil againne. Tá an geimhreadh orainn anois feasta & do réir mar oibreocham as so go dtí teacht an tsamhraidh arís is eadh bheidh toradh ár saothair le feicsint. Buidh- ean tsaothruighthe is eadh Connradh na Gaedhilge. “Ní caradas Miss ná pimp ná cómhdhálta,” a theastuigheann uainn, acht obair dhian dícheallach i dtráith is i n-an-tráith. Níl éan-ghnó againn de'n bhfiaire-feá ná de dhail- tíníbh leisceamhla. Tá a dhá dhóthain le déanamh ag gach éinne. Cuirimís faobhar ar ár n-aigne, a cháirde, i gcaitheamh an gheimhridh seo. Mar adeir an tAthair Peadar, tá lámh Dé linn san obair seo. Acht is gnáthach ná cabhruigheann Dia acht leis an ndream a chabhruigheann leo féin. Cuirimís-ne ár gcosa i dtalamh is ní baoghal dúinn. Is minic sin a chomhairliughadh do mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge gur cheart dóibh úsáid fhóghanta a bhaint as na páipéaraibh nuaidheachta a cheann- uightear is a léightear timcheall ortha. Badh dhóigh le duine gurab é seo an chéad rud gur cheart do lucht stiúrtha craoibhe féachaint chuige. Acht féach gurab é an rud is mó go ndéin- tear faillighe aca ann. Déintear dearmhad ar thuairiscí na craoibhe a chur ag triall ar na páipéaraibh. Im- thigheann an chraobh is gach a mbaineann léi a cuimhne na ndaoine & is é críoch a bheireann ar an gcraoibh bás d'fhágh- áil & b'fhéidir na bheadh fear a caointe ann i ndeireadh na scríbe. Ní fuláir do lucht stiúrtha gach craoibhe a leithéid seo do sheachnadh. Tóghthar i dtosach barra rúnaidhe maith, fear a thabharfaidh aire dhá ghnó, fear a chóimhlíonfaidh gach dualgas a bhaineann le n-a chúram, & fear a labharfaidh gan scáth ná eagla nuair a bheidh gábhadh leis. Bíodh tuairisc na craoibhe ins na páipéaraibh nuaidheachta uair san tseachtmhain an chuid is lugha dhe. Beidh a fhios ag gach éinne timcheall an bhaill annsoin cad atá dhá dhéanamh ag muinntir na craoibhe, & beidh meas ar an gcraoibh dhá réir. Acht do bh'fhéidir níos mó 'ná soin a dhéanamh. Má thuiteann amach san gcomhursanacht éin-nídh ná beadh do réir chirt dúthchais dar linne cad é an bac atá orainn fothrom a dhéanamh mar gheall air ins na páipéaraibh? Má thagann seoinín crosta orainn le n-a ghoithíbh iasachta nár cheart dúinne tabhairt fá chuid de'n teas- bhach a bhaint de? A cháirde, tá an ceart ar ár dtaobh-ne, & an fhaid a bhíonn sé d'fhonn orainn gan an éagcóir d'imirt, is éigin dúinn seasamh amach & labhairt go dána go dtí go mbeidh an lámh uachtair againn i ngach cúinne is críoch de'n oileáinín seo. 'Sí an speach dheiridh ó'n nGaedheal í & téidheadh sí go deo san námhaid, pé scéal é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services