Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairiscí

Title
Tuairiscí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 15, 1904



Tuairiscí



Badh chóir go mbeidís na craobhacha
agá socrughadh féin chun oibre an
gheimhridh anois. Airighmíd scéala ó
gach áird ar bhuidheanta dá gcur ar
bun, ar mhúinteóirí dhá gceapadh & ar
rudaíbh nach iad. Is maith an comhartha
é sin. Ní fuláir dúinn gan a dhear-
mhad choidhche gurab é an geimhreadh
aimsir an fhéir a shábháil againne. Tá
an geimhreadh orainn anois feasta &
do réir mar oibreocham as so go dtí
teacht an tsamhraidh arís is eadh bheidh
toradh ár saothair le feicsint. Buidh-
ean tsaothruighthe is eadh Connradh na
Gaedhilge. “Ní caradas Miss ná
pimp ná cómhdhálta,” a theastuigheann
uainn, acht obair dhian dícheallach i
dtráith is i n-an-tráith. Níl éan-ghnó
againn de'n bhfiaire-feá ná de dhail-
tíníbh leisceamhla. Tá a dhá dhóthain
le déanamh ag gach éinne. Cuirimís
faobhar ar ár n-aigne, a cháirde, i
gcaitheamh an gheimhridh seo. Mar
adeir an tAthair Peadar, tá lámh Dé
linn san obair seo. Acht is gnáthach
ná cabhruigheann Dia acht leis an
ndream a chabhruigheann leo féin.
Cuirimís-ne ár gcosa i dtalamh is ní
baoghal dúinn.



Is minic sin a chomhairliughadh do
mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge gur
cheart dóibh úsáid fhóghanta a bhaint as
na páipéaraibh nuaidheachta a cheann-
uightear is a léightear timcheall
ortha. Badh dhóigh le duine gurab é
seo an chéad rud gur cheart do lucht
stiúrtha craoibhe féachaint chuige. Acht
féach gurab é an rud is mó go ndéin-
tear faillighe aca ann. Déintear
dearmhad ar thuairiscí na craoibhe a
chur ag triall ar na páipéaraibh. Im-
thigheann an chraobh is gach a mbaineann
léi a cuimhne na ndaoine & is é críoch
a bheireann ar an gcraoibh bás d'fhágh-
áil & b'fhéidir na bheadh fear a caointe
ann i ndeireadh na scríbe.



Ní fuláir do lucht stiúrtha gach
craoibhe a leithéid seo do sheachnadh.
Tóghthar i dtosach barra rúnaidhe maith,
fear a thabharfaidh aire dhá ghnó, fear a
chóimhlíonfaidh gach dualgas a bhaineann
le n-a chúram, & fear a labharfaidh gan
scáth ná eagla nuair a bheidh gábhadh
leis. Bíodh tuairisc na craoibhe ins
na páipéaraibh nuaidheachta uair san
tseachtmhain an chuid is lugha dhe.
Beidh a fhios ag gach éinne timcheall
an bhaill annsoin cad atá dhá dhéanamh
ag muinntir na craoibhe, & beidh meas
ar an gcraoibh dhá réir.



Acht do bh'fhéidir níos mó 'ná soin a
dhéanamh. Má thuiteann amach san
gcomhursanacht éin-nídh ná beadh do
réir chirt dúthchais dar linne cad é an
bac atá orainn fothrom a dhéanamh
mar gheall air ins na páipéaraibh?



Má thagann seoinín crosta orainn
le n-a ghoithíbh iasachta nár cheart
dúinne tabhairt fá chuid de'n teas-
bhach a bhaint de? A cháirde, tá an
ceart ar ár dtaobh-ne, & an fhaid a
bhíonn sé d'fhonn orainn gan an
éagcóir d'imirt, is éigin dúinn
seasamh amach & labhairt go dána go
dtí go mbeidh an lámh uachtair againn
i ngach cúinne is críoch de'n oileáinín
seo. 'Sí an speach dheiridh ó'n
nGaedheal í & téidheadh sí go deo san
námhaid, pé scéal é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services