Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAos Óg ar dTúis
Title
An tAos Óg ar dTúis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 08, 1904 AN tAOS ÓG AR dTÚIS Is cuma caidé an pháirt de'n mhór- cheist seo na Gaedhilge ar a ndeintear trácht, is cuma cad iad na coinghill a chuirimíd orainn féin 'na taobh, má leantar an scéal siar síos ní fuláir go dtiocfam sa deireadh go dtí ceist an Oideachais. Is í an cheist seo an bun-rúta ar a bhfásann crann mór ár náisiúntachta is ár nirt, craobh ár leasa is ár lán-tsaoire. Tuigidh muinntir Chonnartha na Gaedhilge soin go maith, & sin é an fáth go bhfuil siad chomh saotharach ag iarraidh Oideachas na tíre a dhéanamh Gaedhealach. Is ró- bheag an chabhair dhúinn bheith ag claoidhe chun leasa na tíre go dtí go mbeidh eolas ar an dtír ag daoinibh i gcoit- chinne, is cion aca uirthi dá réir. Oideachas iasachta fá ndeara dhúinn an t-eolas is an cion úd a chaille- amhaint riamh, & bíodh ár mbrath ar Oideachas Ghaedhealach chun iad a thabhairt thar n-ais. Ní fuláir tosnughadh leis an aos óg, & a chur 'na luighe go daingean ortha cad air go mbeidh Éire ag brath uatha nuair fhásfaid suas. Is éigin beagán d'fheidhm is de chúram na hoibre a chur ortha ó thúis ar chuma go mbeid oilte go maith ar í stiúrughadh is í chur i gcrích nuair a bheam féin tagaithe chun uain na bpaidreach nó b'fhéidir ag tabhairt an fhéir. Dá réir sin is cóir do'n mhuinntir go bhfuil cúram aosa óig na hÉireann ortha smaoineamh i dtráth ar an rud so is a ndícheall a dhéanamh ní hamháin ar Oideachas Gaedhealach a thabhairt dóibh, acht a mhúineadh dhóibh cionnus a ngustal a chur chun leasa a dtíre duthchais. Is maith dá bhrígh sin a fheicsint go bhfuiltear ag cur craobhach de Chonnradh na Gaedhilge ar bun i measc na mac léighinn in ár gcoláistíbh Gaedhealacha. Is fada atá craobh ar bun ag an Athair Muiris ar “Screathan an Cheoidh.” Ní raibh éan-amhras riamh againn ar Chnoc Mellerí. Do chuir an tAthair Auguistin craobh ar bun i measc a chúram féin i mBaile an Róistigh an lá fá dheireadh. “An rud do-chí an leanbh do-ghní an leanbh,” adeir an sean-fhocal. Tá adhbhar deagh-aspail i ngach duine dá bhfuil ar na craobhachaibh ins na coláistíbh seo. Pé áit 'na seolfar iad tar éis na coláistí d'fhágaint ní dhéanfaid dear- mhad ar a ndualgas do theangaidh na hÉireann, &, rud is fearr 'na soin b'fhéidir, beidh a fhios aca cionnus a ndualgas a chur i gcrích gan breis uaine a chaitheamh ag cogaint na méarach air. Do thug Uilliam Bulfin comhairle mhaith dhúinn ist oidhche Diardaoin an tseachtmhain seo ghabh tharainn i mBaile Átha Cliath um an gceist seo. Do chuir sé an cheist seo an Oideachas go soiléir os ár gcomhair. Dubhairt linn cabhrughadh le n-ár muinntir féin is gur gearr go mbainfidhe an taidhbhse do lucht leanta an iasachta. “Is gnáth liúm-sa bheith tútach le taidhbhseachaibh,” adubhairt Dáth Ó Bruadair san mbliadhain 1691. Bímís- ne amhlaidh & is gearr go bhfeicfeam a iarmsa ar ghnóthaibh stáit san dtír seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services