An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 08, 1904
AN tAOS ÓG AR dTÚIS
Is cuma caidé an pháirt de'n mhór-
cheist seo na Gaedhilge ar a ndeintear
trácht, is cuma cad iad na coinghill a
chuirimíd orainn féin 'na taobh, má
leantar an scéal siar síos ní fuláir
go dtiocfam sa deireadh go dtí ceist
an Oideachais. Is í an cheist seo an
bun-rúta ar a bhfásann crann mór
ár náisiúntachta is ár nirt, craobh ár
leasa is ár lán-tsaoire. Tuigidh
muinntir Chonnartha na Gaedhilge soin
go maith, & sin é an fáth go bhfuil siad
chomh saotharach ag iarraidh Oideachas
na tíre a dhéanamh Gaedhealach. Is ró-
bheag an chabhair dhúinn bheith ag claoidhe
chun leasa na tíre go dtí go mbeidh
eolas ar an dtír ag daoinibh i gcoit-
chinne, is cion aca uirthi dá réir.
Oideachas iasachta fá ndeara dhúinn
an t-eolas is an cion úd a chaille-
amhaint riamh, & bíodh ár mbrath ar
Oideachas Ghaedhealach chun iad a
thabhairt thar n-ais.
Ní fuláir tosnughadh leis an aos óg,
& a chur 'na luighe go daingean ortha
cad air go mbeidh Éire ag brath uatha
nuair fhásfaid suas. Is éigin beagán
d'fheidhm is de chúram na hoibre a chur
ortha ó thúis ar chuma go mbeid oilte
go maith ar í stiúrughadh is í chur i
gcrích nuair a bheam féin tagaithe chun
uain na bpaidreach nó b'fhéidir ag
tabhairt an fhéir. Dá réir sin is cóir
do'n mhuinntir go bhfuil cúram aosa
óig na hÉireann ortha smaoineamh i
dtráth ar an rud so is a ndícheall a
dhéanamh ní hamháin ar Oideachas
Gaedhealach a thabhairt dóibh, acht a
mhúineadh dhóibh cionnus a ngustal a
chur chun leasa a dtíre duthchais.
Is maith dá bhrígh sin a fheicsint
go bhfuiltear ag cur craobhach de
Chonnradh na Gaedhilge ar bun i measc
na mac léighinn in ár gcoláistíbh
Gaedhealacha. Is fada atá craobh ar
bun ag an Athair Muiris ar “Screathan
an Cheoidh.” Ní raibh éan-amhras riamh
againn ar Chnoc Mellerí. Do chuir
an tAthair Auguistin craobh ar bun i
measc a chúram féin i mBaile an
Róistigh an lá fá dheireadh. “An
rud do-chí an leanbh do-ghní an leanbh,”
adeir an sean-fhocal. Tá adhbhar
deagh-aspail i ngach duine dá bhfuil ar
na craobhachaibh ins na coláistíbh seo.
Pé áit 'na seolfar iad tar éis na
coláistí d'fhágaint ní dhéanfaid dear-
mhad ar a ndualgas do theangaidh na
hÉireann, &, rud is fearr 'na soin
b'fhéidir, beidh a fhios aca cionnus a
ndualgas a chur i gcrích gan breis
uaine a chaitheamh ag cogaint na
méarach air.
Do thug Uilliam Bulfin comhairle
mhaith dhúinn ist oidhche Diardaoin an
tseachtmhain seo ghabh tharainn i mBaile
Átha Cliath um an gceist seo. Do
chuir sé an cheist seo an Oideachas go
soiléir os ár gcomhair. Dubhairt linn
cabhrughadh le n-ár muinntir féin is
gur gearr go mbainfidhe an taidhbhse
do lucht leanta an iasachta.
“Is gnáth liúm-sa bheith tútach le
taidhbhseachaibh,” adubhairt Dáth Ó
Bruadair san mbliadhain 1691. Bímís-
ne amhlaidh & is gearr go bhfeicfeam a
iarmsa ar ghnóthaibh stáit san dtír seo.