Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge
Title
Céad-Imeachta na Gaedhilge
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge I. Is fada siar an t-am é anois ó'n bhliadhain 1893 sul a raibh Connradh na Gaedhilge ann ar chor ar bith. “Is iomdha fear dubh d'éirigh liath” ó shoin, & faraoir! is iomdha fear láidir & is iomdha cailín dóigheamhail dathamhaoil atá faoi'n chré! Is iomdha, fosta, buachaill óg croidheamhail & is iomdha
cailín caomhail atá i láthair indiu nach raibh acht 'na bpáistíbh an uair sin. Acht bíodh sin mar atá, is san bhliadhain úd 1893, i mí na Bealtaine, tháinig mise ó Shasanaibh tar éis seacht mbliadhan do chaitheamh innti, & is dóigh liom go raibh mé chomh gallda le galla-phuic. Bhíodh spéis agam sa Ghaedhilg roimhe ré, acht ar feadh na seacht mbliadhan úd is beag a thug mé fá deara goidé mar bhí an Ghaedhilg ag dul ar aghaidh, — nó ag dul ar gcúl creidim gur córa damh a rádh. Díbreadh mé as Éirinn san bhliadhain 1886, dom' aimh- dheoin, & congbhuigheadh mé thall i Sasanaibh ar feadh na seacht mbliadhan dom' aimdheoin fosta, rud nár mhéad- uigh mo mheas ar Sheaghán Bhuidhe, nó ar a chomhghaolaibh sa tír seo. Is cuimhneach liom go bhfuair mé litir ó'n Athair Ó Gramhna (go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam) sa bhliadhain ina ndeach- aidh mé go Sasanaibh ag fiosrughadh leabhráin liom. Ní raibh sé 'na shagart an uair sin. Chuir mé an leabhrán chuige & fuair mé litir an-chineálta ar ais uaidh dhom' bhrostughadh leanmhain do'n Ghaedhilg, acht bhí an beag-uchtach chomh mór sin orm nár lean mé dá chomhairle, rud a chuir aithreachas orm go minic ó shoin. Dalta mórán daoine an uair sin, chuir mé suim mhór i bpoilitidheacht, mar gur shaoil mé go n-éireóchadh le Párnell Pairleamaid ar leith d'fhágháil dúinn & gur bh'fhéidir gach uile rud a bhain leis an tír do réidhtiughadh 'na dhiaidh sin. Nuair d'éirigh an buaidhreadh eidir na feisiríbh sa bhliadhain 1891 chuidigh mé chomh maith is d'fhéadfainn leis an mhuinntir a bhí i n-aghaidh Phárnell, & bhí cuid mhór de'm cháirdibh & dem' dhaoinibh mhuinnteardha ar an taoibh eile, & chuir an t-imreasán & an ciap- áil mí-mhisneach orm arís. Siúd mar bhí an sgéal san mbliadhain 1893 ar dteacht go hÉirinn damh. Seoladh mé go dtí an áit is gallda & is iargcúlta b'fhéidir i nÉirinn, 'sé sin de thaoibh Ghaedhealtachta nó náisiúntachta, .i. go Lios na gCearrbhach i ndeas do Bhéilfeirste. Cha raibh aon aithne agam ar dhuine ar bith sa dúthaigh sin, & tráthnóna Dia Domhnaigh i ndiaidh dhul ann bhuail mé isteach go dtí Halla Naoimh Ioseph, mar a bhíodh Catoilicigh na háite, nó cuid aca, cruinnighthe ag imirt cluichí & ag súg- radh & ag déanamh grinn go gnáthach. Shiubhail mé isteach go dtí seomra na liathróide cláir, nó billiards, & shuidh mé síos. Bhí beirt fear ag greadadh ar na liathróidíbh, & slat chaol i láimh gach duine aca. Bhí na casóga bainte díobhtha & iad go dian i gcionn na hoibre. Bhuail fear aca buille ar liathróid & leig an fear eile sgairt gáire as. “Ó, a Chríostaidhthe,” ar seisean, “cad é an saghas buille é sin?” Ar ghlan-Ghaedhilg do labhair sé! Dá mbadh é mullach an tighe a thuit isteach orainn cha bhainfeadh sé bíodhga níos mó asam! Acht sul a raibh faill agam smuaineadh ar an rud iongantach so bhí tuilleamh iongantais le teacht. D'fhreagair fear caol tana a bhí 'na shuidhe ar an taobh thall de'n bhalla & is i nGaedhilg mhín shleamhain do labhair sé. San am céadna labhair duine ar mo láimh dheis & labhair seisean i nGaedhilg fosta! Ní fhéadfainn a sheasamh ní b'fhuide, & chuir mé féin siolláin Gaedhilge asam, rud nach ndearna mé ó na ciantaibh roimhe sin. Shaoil mé ar an bhomaite sin gur i dtír na hóige thárla damh, & nach raibh san áit acht Gaedhilg dá labhairt. Acht bhí mear- bhall orm san nídh sin & sin a raibh san áit de Ghaedhilgeoiribh, .i. Mícheál Ó hEoghusa (go dtugaidh Dia Mór na trócaire fóirthín dó), Séamus Ó Duibhne & Mícheál Mac Maoilcraobh- aigh. Ba as Tírchonaill Séamus Ó Duibhne & mé féin, as Ó Méith Mara do'n Mhaolchraobhach, & as Ciarraidhe (i n-aice na Snaidhme) do Mhícheál Ó hEoghusa bocht. Cha raibh aon chleacht- ughadh ag ceachtar againn ar chanmhain an fhir eile (acht amháin mé féin & Séamus Ó Duibhne), & bhíomar ciotach go leor ag labhairt le chéile, acht is beag an tsuim do chuireamar sa méid sin. Bhí an Ghaedhilg againn araon, nó beagán di ar sgor ar bith, & níor leig sinn di fuaradh ó shoin amach. Ó'n lá sin go dtí an lá d'fhág mé Lios na gCearrbhach, bliadhain go leith 'na dhiaidh sin, thángamar i gcionn a chéile dhá uair san tseachtmhain ar a laghad, corr-uair in mo thigh lóistín-sa, corr- uair i dtigh lóistín Mhíchíl Uí Eoghusa, & corr-uair eile i Halla Naoimh Ioseph (mar a chuir an tAthair Marcus Mac Caisín fáilte & fíche romhainn) ag labhairt & do léigheadh na Gaedhilge. Bhí gach aon duine againn ábalta ar an nGaedhilg ag léigheadh, & cha rabh- amar ar easba leabhar (siúd is nach raibh leabhra Uí Ghramhna féin ann an uair sin). Bhí sgéalta Gaedhealacha a sgríobh Dubhghlas de hÍde againn, & “Siamsa an Gheimhridh” & “Irisleabhar na Gaedhilge,” & bhí sean-chóib de leabhar na gCeart ag Mícheál Ó hEoghusa fuair sé ag imtheacht ar fánaidh i ngleanntaibh Aondruime, & bhí foclóir Uí Raghallaigh againn, & dar bhrígh m'fhocail gur bhaineamar níos mó de ghreann & níos mó d'eolas as an mbeart leabhar sin, beag is mar bhí siad, ná do bhainfimís ó lán leabhar- lainn le leabhraibh anois. Agus na sean-ráidhte & na sean-sgéalta a chuireamar trí n-a chéile! Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services