Céad-Imeachta na Gaedhilge
I.
Is fada siar an t-am é anois ó'n
bhliadhain 1893 sul a raibh Connradh na
Gaedhilge ann ar chor ar bith. “Is
iomdha fear dubh d'éirigh liath” ó shoin,
& faraoir! is iomdha fear láidir & is
iomdha cailín dóigheamhail dathamhaoil
atá faoi'n chré! Is iomdha, fosta,
buachaill óg croidheamhail & is iomdha
cailín caomhail atá i láthair indiu nach
raibh acht 'na bpáistíbh an uair sin. Acht
bíodh sin mar atá, is san bhliadhain úd
1893, i mí na Bealtaine, tháinig mise ó
Shasanaibh tar éis seacht mbliadhan
do chaitheamh innti, & is dóigh liom go
raibh mé chomh gallda le galla-phuic.
Bhíodh spéis agam sa Ghaedhilg roimhe
ré, acht ar feadh na seacht mbliadhan
úd is beag a thug mé fá deara goidé
mar bhí an Ghaedhilg ag dul ar aghaidh,
— nó ag dul ar gcúl creidim gur
córa damh a rádh. Díbreadh mé as
Éirinn san bhliadhain 1886, dom' aimh-
dheoin, & congbhuigheadh mé thall i
Sasanaibh ar feadh na seacht mbliadhan
dom' aimdheoin fosta, rud nár mhéad-
uigh mo mheas ar Sheaghán Bhuidhe, nó ar
a chomhghaolaibh sa tír seo. Is cuimhneach
liom go bhfuair mé litir ó'n Athair Ó
Gramhna (go ndéanaidh Dia trócaire
ar a anam) sa bhliadhain ina ndeach-
aidh mé go Sasanaibh ag fiosrughadh
leabhráin liom. Ní raibh sé 'na shagart
an uair sin. Chuir mé an leabhrán
chuige & fuair mé litir an-chineálta
ar ais uaidh dhom' bhrostughadh leanmhain
do'n Ghaedhilg, acht bhí an beag-uchtach
chomh mór sin orm nár lean mé dá
chomhairle, rud a chuir aithreachas orm
go minic ó shoin. Dalta mórán daoine
an uair sin, chuir mé suim mhór i
bpoilitidheacht, mar gur shaoil mé go
n-éireóchadh le Párnell Pairleamaid
ar leith d'fhágháil dúinn & gur bh'fhéidir
gach uile rud a bhain leis an tír do
réidhtiughadh 'na dhiaidh sin.
Nuair d'éirigh an buaidhreadh eidir
na feisiríbh sa bhliadhain 1891 chuidigh
mé chomh maith is d'fhéadfainn leis an
mhuinntir a bhí i n-aghaidh Phárnell, &
bhí cuid mhór de'm cháirdibh & dem'
dhaoinibh mhuinnteardha ar an taoibh
eile, & chuir an t-imreasán & an ciap-
áil mí-mhisneach orm arís.
Siúd mar bhí an sgéal san mbliadhain
1893 ar dteacht go hÉirinn damh.
Seoladh mé go dtí an áit is gallda
& is iargcúlta b'fhéidir i nÉirinn,
'sé sin de thaoibh Ghaedhealtachta nó
náisiúntachta, .i. go Lios na gCearrbhach
i ndeas do Bhéilfeirste. Cha raibh
aon aithne agam ar dhuine ar bith sa
dúthaigh sin, & tráthnóna Dia Domhnaigh
i ndiaidh dhul ann bhuail mé isteach go
dtí Halla Naoimh Ioseph, mar a bhíodh
Catoilicigh na háite, nó cuid aca,
cruinnighthe ag imirt cluichí & ag súg-
radh & ag déanamh grinn go gnáthach.
Shiubhail mé isteach go dtí seomra na
liathróide cláir, nó billiards, & shuidh
mé síos. Bhí beirt fear ag greadadh
ar na liathróidíbh, & slat chaol i láimh
gach duine aca. Bhí na casóga bainte
díobhtha & iad go dian i gcionn na
hoibre. Bhuail fear aca buille ar
liathróid & leig an fear eile sgairt
gáire as. “Ó, a Chríostaidhthe,” ar
seisean, “cad é an saghas buille é
sin?” Ar ghlan-Ghaedhilg do labhair
sé! Dá mbadh é mullach an tighe a
thuit isteach orainn cha bhainfeadh sé
bíodhga níos mó asam! Acht sul a
raibh faill agam smuaineadh ar an rud
iongantach so bhí tuilleamh iongantais
le teacht. D'fhreagair fear caol
tana a bhí 'na shuidhe ar an taobh thall
de'n bhalla & is i nGaedhilg mhín
shleamhain do labhair sé. San am
céadna labhair duine ar mo láimh
dheis & labhair seisean i nGaedhilg
fosta! Ní fhéadfainn a sheasamh ní
b'fhuide, & chuir mé féin siolláin
Gaedhilge asam, rud nach ndearna mé
ó na ciantaibh roimhe sin. Shaoil mé
ar an bhomaite sin gur i dtír na hóige
thárla damh, & nach raibh san áit acht
Gaedhilg dá labhairt. Acht bhí mear-
bhall orm san nídh sin & sin a raibh san
áit de Ghaedhilgeoiribh, .i. Mícheál Ó
hEoghusa (go dtugaidh Dia Mór na
trócaire fóirthín dó), Séamus Ó
Duibhne & Mícheál Mac Maoilcraobh-
aigh. Ba as Tírchonaill Séamus Ó
Duibhne & mé féin, as Ó Méith Mara
do'n Mhaolchraobhach, & as Ciarraidhe
(i n-aice na Snaidhme) do Mhícheál Ó
hEoghusa bocht. Cha raibh aon chleacht-
ughadh ag ceachtar againn ar chanmhain
an fhir eile (acht amháin mé féin &
Séamus Ó Duibhne), & bhíomar ciotach
go leor ag labhairt le chéile, acht is
beag an tsuim do chuireamar sa méid
sin. Bhí an Ghaedhilg againn araon, nó
beagán di ar sgor ar bith, & níor leig
sinn di fuaradh ó shoin amach. Ó'n lá
sin go dtí an lá d'fhág mé Lios na
gCearrbhach, bliadhain go leith 'na dhiaidh
sin, thángamar i gcionn a chéile dhá
uair san tseachtmhain ar a laghad,
corr-uair in mo thigh lóistín-sa, corr-
uair i dtigh lóistín Mhíchíl Uí Eoghusa,
& corr-uair eile i Halla Naoimh Ioseph
(mar a chuir an tAthair Marcus Mac
Caisín fáilte & fíche romhainn) ag
labhairt & do léigheadh na Gaedhilge.
Bhí gach aon duine againn ábalta ar
an nGaedhilg ag léigheadh, & cha rabh-
amar ar easba leabhar (siúd is nach
raibh leabhra Uí Ghramhna féin ann an
uair sin). Bhí sgéalta Gaedhealacha a
sgríobh Dubhghlas de hÍde againn, &
“Siamsa an Gheimhridh” & “Irisleabhar
na Gaedhilge,” & bhí sean-chóib de
leabhar na gCeart ag Mícheál Ó
hEoghusa fuair sé ag imtheacht ar
fánaidh i ngleanntaibh Aondruime, &
bhí foclóir Uí Raghallaigh againn, & dar
bhrígh m'fhocail gur bhaineamar níos mó
de ghreann & níos mó d'eolas as an
mbeart leabhar sin, beag is mar bhí
siad, ná do bhainfimís ó lán leabhar-
lainn le leabhraibh anois. Agus na
sean-ráidhte & na sean-sgéalta a
chuireamar trí n-a chéile!
Cú Uladh