Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cur na gCrann
Title
Cur na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 24, 1904 Cur na gCrann Tamall ó shoin do bhíodh “An Poc- aire” ag scríobhadh mar gheall ar chrannaibh. Ní cuimhin linn i gceart cad dubhairt sé, acht ar éan-chuma thug sé comhairle mhaith do Ghaedhilgeo- iríbh i dtaobh na ceiste seo. Is mór an truagh Éire bheith chomh maol & tá sí is dá mbeadh pioc ar domhan de sprid fhóghanta 'na daoinibh go mb'fhuirist dóibh a cás a leigheas. Is amhlaidh mar atá an scéal againn i nÉirinn, tá an oiread ceist- eanna le réidhteach againn & is deacair aire thabhairt dóibh go léir san am gcéadna. An fhaid a bhitear ag tabh- airt aire do cheann aca, deintear dearmad ar cheannaibh eile. Ní fuláir dúinn ár ndícheall a dhéanamh ar gan faillighe a chur i n-éin-cheist ná i n-éan obair a raghadh chun leasa na tíre. Sid í uair an tsaothair. Is iad na daoine a thiocfaidh i n-ár ndiaidh-ne a bhain- fidh toradh ár saothair. Is beag orainn an té ná cuimhnightheann ortha so a thiocfaidh 'na dhiaidh. Ar an adhbhar soin ní misde dúinn an tseisreach a ghléasadh is an pháirc a threabhadh. Ná deintear dearmad ar an ama ná ar cholltar an chéachta. Do léigheamair i United Irishman na seachtmhaine seo ghabh tharainn aiste mhaith chiallmhar ar an gceist seo na gcrann ó láimh Thomáis P. Ó Nualláin, M.E. Dob' fhiú do gach éinne a chuireann suim san gceist seo aiste Thomáis a léigheamh. Cuireann sé síos go cruinn tuairme daoine go raibh eólas thar barr aca ar chrannaibh, ar an méid airgid a chosnóchadh sé chun riascaigh & sléibhte neamh-thairbheacha na tíre a chur fé chrannaibh. Do chosnóchadh sé ó £3 go dtí £8 an t-acra chun na crainn a chur. I gcionn chúig mbliadhna fichead annsoin do bheifidhe ag fágháil ó £33 go dtí £78 an t-acra as. Deir ughdar eile go bhfuil os cionn cheithre milliún acra de thalamh na hÉireann fé láthair gan éan-tairbhe dá fhágháil as. Má tá soin amhlaidh; & ní fuláir nó tá, is diail an náire do mhuinntir na hÉireann é. Deir an t-ughdar céadna ná cosnóchadh sé puinn thar fiche milliún punt chun crainn a chur ar an dtalamh so & é thabhairt chun críche éigin. Fé chionn trí bliadhain d'eis a churtha do thosnó- chadh an teacht isteach. I gcionn deich mbliadhna fichead bheadh díolta go maith aige as féin. Is maith linn go bhfuiltear ag cuimh- neamh ar na crannaibh. Beimíd ag súil le haistíbh eile ó Thomás Ó Nualláin. Ní fuláir nó tá sé ag déanamh stuideir doimhin ar an gceist. Is éigin an cheist seo a choimeád os comhair na ndaoine go dtí go bhféachfaidh ár gComhairleóirí Conn- taethe chuige go ndéanfar seift éigin chun maoile na hÉireann a chlúdugadh. Leanadh Tomás air. Tá muinntir na Gaedhilge laistiar dhe ar éan-chuma.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services