Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cur na gCrann

Title
Cur na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 24, 1904



Cur na gCrann



Tamall ó shoin do bhíodh “An Poc-
aire” ag scríobhadh mar gheall ar
chrannaibh. Ní cuimhin linn i gceart
cad dubhairt sé, acht ar éan-chuma
thug sé comhairle mhaith do Ghaedhilgeo-
iríbh i dtaobh na ceiste seo. Is mór
an truagh Éire bheith chomh maol & tá sí
is dá mbeadh pioc ar domhan de sprid
fhóghanta 'na daoinibh go mb'fhuirist
dóibh a cás a leigheas.



Is amhlaidh mar atá an scéal
againn i nÉirinn, tá an oiread ceist-
eanna le réidhteach againn & is deacair
aire thabhairt dóibh go léir san am
gcéadna. An fhaid a bhitear ag tabh-
airt aire do cheann aca, deintear
dearmad ar cheannaibh eile. Ní fuláir
dúinn ár ndícheall a dhéanamh ar gan
faillighe a chur i n-éin-cheist ná i n-éan
obair a raghadh chun leasa na tíre. Sid
í uair an tsaothair. Is iad na daoine
a thiocfaidh i n-ár ndiaidh-ne a bhain-
fidh toradh ár saothair. Is beag
orainn an té ná cuimhnightheann ortha so
a thiocfaidh 'na dhiaidh. Ar an adhbhar
soin ní misde dúinn an tseisreach a
ghléasadh is an pháirc a threabhadh. Ná
deintear dearmad ar an ama ná ar
cholltar an chéachta.



Do léigheamair i United Irishman
na seachtmhaine seo ghabh tharainn aiste
mhaith chiallmhar ar an gceist seo na
gcrann ó láimh Thomáis P. Ó Nualláin,
M.E. Dob' fhiú do gach éinne a chuireann
suim san gceist seo aiste Thomáis a
léigheamh. Cuireann sé síos go cruinn
tuairme daoine go raibh eólas thar
barr aca ar chrannaibh, ar an méid
airgid a chosnóchadh sé chun riascaigh &
sléibhte neamh-thairbheacha na tíre a chur
fé chrannaibh. Do chosnóchadh sé ó £3
go dtí £8 an t-acra chun na crainn a
chur. I gcionn chúig mbliadhna fichead
annsoin do bheifidhe ag fágháil ó £33
go dtí £78 an t-acra as.



Deir ughdar eile go bhfuil os cionn
cheithre milliún acra de thalamh na
hÉireann fé láthair gan éan-tairbhe
dá fhágháil as. Má tá soin amhlaidh;
& ní fuláir nó tá, is diail an náire do
mhuinntir na hÉireann é. Deir an
t-ughdar céadna ná cosnóchadh sé
puinn thar fiche milliún punt chun
crainn a chur ar an dtalamh so & é
thabhairt chun críche éigin. Fé chionn
trí bliadhain d'eis a churtha do thosnó-
chadh an teacht isteach. I gcionn deich
mbliadhna fichead bheadh díolta go
maith aige as féin.



Is maith linn go bhfuiltear ag cuimh-
neamh ar na crannaibh. Beimíd ag
súil le haistíbh eile ó Thomás Ó
Nualláin. Ní fuláir nó tá sé ag
déanamh stuideir doimhin ar an
gceist. Is éigin an cheist seo a
choimeád os comhair na ndaoine go dtí
go bhféachfaidh ár gComhairleóirí Conn-
taethe chuige go ndéanfar seift
éigin chun maoile na hÉireann a
chlúdugadh. Leanadh Tomás air. Tá
muinntir na Gaedhilge laistiar dhe ar
éan-chuma.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services