Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Am Taispeánadh Náisiúnta
Title
Am Taispeánadh Náisiúnta
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 17, 1904 Am Taispeánadh Náisiúnta Is minic sinn ag trácht ar dhéan- túisíbh agus an bhaint atá ag Connradh na Gaedhilge leó. Ní gábhadh cur síos arís ar an dtaobh úd de'n cheist mar ní fuláir ná go bhfuil sean-eólus ag léightheóiríbh AN CHLAIDHIMH air. Acht tá an Taispeánadh Náisiúnta so atá ar láimh ag muinntir Bhaile Átha Cliath ag tosnughadh ar chruth fhóghanta éigin a chur air féin. Tá am brístín a chaitheamh tagaithe chuige. Tá sé “ag borradh is ag at” go seóidh. Do dhein muinntir an Tais- peánadh Eadarnáisiúnta an iomad gleó agus fothrom ar dtúis. Níor éirigh leó an fothrom a choimeád ar siubhal. Do chuir Connradh na Gaedh- ilge an cadhp báis ortha & dá dheascaibh sin tá ag dul dá ngleó is dá móiréis. Is gearr do réir dheallraimh, go mbeidh an Taispeánadh Eadarnáisiúnta i ndeireadh a shaothair, agus cuirfear go galánta é ar chuma ná casfaidh go deó arís. Beidh ár dTaispeánadh Náisiúnta againne pé scéal é. Is iad muinntir Chonnradh na Gaedhilge fé ndear é bheith ann ar éan-chor. Is iad is mó & is fearr a throid ar a shon. Dá bhrígh sin tá d'fhiachaibh orainn go léir ár gcion a dhéanamh chun cabhrughadh leis ar gac cuma is féidir linn. Féadfaidh gach éinne rud éigin a dhéanamh. Táthar ag iarraidh airgid fé láthair chun ionad chomhnuidhe an Taipeánadh a thógaint. Caithfear é sin a dhéanamh do'n chéad dul síos. Ní fuláir nó d'fhéadfadh craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge mórán a dhéanamh ar an gcuma so. Badh mhaith an rud é dá dtóghthaí beirt nó triúr as gach craoibh chun na hoibre seo a thógaint ar láimh. D'fhéadfaidís-san roinnt airgid a bhailiughadh ó mhuinntir a gcraoibhe féin is é chur ag triall ar Rúnaidhe an Taispeánta. Níor ghábhadh an t-airgead go léir do lorg ar dtúis. Ní iarrtar acht coróin san bpunnt ar dtúis. Acht ar an dtaobh amuigh dhe seo go léir is iomdha slighe d'fhéadfadh muinn- tir na Gaedhilge cabhrughadh leis an dTaispeánadh so. Féadfaid a chur n-a luighe ar a gcáirde is a ndaoine muinnteardha gur cheart cuidiughadh leis. Féadfaid déantúisí nua a chur ar siubhal agus cuid dá saothair a chur ar taispeáint ann. Deineadh gach éinne amach dho féin caidé an slighe is fearr a thiocfaidh leis cabhrughadh san obair mhóir náisiúnta so. Nuair a bheidh socruighthe aige air sin, deineadh sé beart d'á réir. Má dheineann gach éinne a chion féin ní baoghal dúinn, acht is cóir dhúinn gan a dhearmhad gur sinn féin a chuir an fraoch ar lasadh & gur orainn féin a bheidh an obair a choimeád ar siubhal is a thabhairt chun críche fóghanta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services