Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Am Taispeánadh Náisiúnta

Teideal
Am Taispeánadh Náisiúnta
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1904
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 17, 1904



Am Taispeánadh Náisiúnta



Is minic sinn ag trácht ar dhéan-
túisíbh agus an bhaint atá ag Connradh
na Gaedhilge leó. Ní gábhadh cur síos
arís ar an dtaobh úd de'n cheist mar
ní fuláir ná go bhfuil sean-eólus ag
léightheóiríbh AN CHLAIDHIMH air.



Acht tá an Taispeánadh Náisiúnta
so atá ar láimh ag muinntir Bhaile
Átha Cliath ag tosnughadh ar chruth
fhóghanta éigin a chur air féin. Tá
am brístín a chaitheamh tagaithe chuige.
Tá sé “ag borradh is ag at” go
seóidh. Do dhein muinntir an Tais-
peánadh Eadarnáisiúnta an iomad
gleó agus fothrom ar dtúis. Níor
éirigh leó an fothrom a choimeád ar
siubhal. Do chuir Connradh na Gaedh-
ilge an cadhp báis ortha & dá dheascaibh
sin tá ag dul dá ngleó is dá móiréis.
Is gearr do réir dheallraimh, go
mbeidh an Taispeánadh Eadarnáisiúnta
i ndeireadh a shaothair, agus cuirfear
go galánta é ar chuma ná casfaidh go
deó arís.



Beidh ár dTaispeánadh Náisiúnta
againne pé scéal é. Is iad muinntir
Chonnradh na Gaedhilge fé ndear é
bheith ann ar éan-chor. Is iad is mó &
is fearr a throid ar a shon. Dá bhrígh
sin tá d'fhiachaibh orainn go léir ár
gcion a dhéanamh chun cabhrughadh leis ar
gac cuma is féidir linn.



Féadfaidh gach éinne rud éigin a
dhéanamh. Táthar ag iarraidh airgid
fé láthair chun ionad chomhnuidhe an
Taipeánadh a thógaint. Caithfear é
sin a dhéanamh do'n chéad dul síos.
Ní fuláir nó d'fhéadfadh craobhacha
de Chonnradh na Gaedhilge mórán a
dhéanamh ar an gcuma so. Badh mhaith
an rud é dá dtóghthaí beirt nó triúr
as gach craoibh chun na hoibre seo a
thógaint ar láimh. D'fhéadfaidís-san
roinnt airgid a bhailiughadh ó mhuinntir
a gcraoibhe féin is é chur ag triall
ar Rúnaidhe an Taispeánta. Níor
ghábhadh an t-airgead go léir do lorg
ar dtúis. Ní iarrtar acht coróin san
bpunnt ar dtúis.



Acht ar an dtaobh amuigh dhe seo go
léir is iomdha slighe d'fhéadfadh muinn-
tir na Gaedhilge cabhrughadh leis an
dTaispeánadh so. Féadfaid a chur n-a
luighe ar a gcáirde is a ndaoine
muinnteardha gur cheart cuidiughadh
leis. Féadfaid déantúisí nua a chur
ar siubhal agus cuid dá saothair a chur
ar taispeáint ann. Deineadh gach
éinne amach dho féin caidé an slighe is
fearr a thiocfaidh leis cabhrughadh san
obair mhóir náisiúnta so. Nuair a
bheidh socruighthe aige air sin, deineadh
sé beart d'á réir. Má dheineann gach
éinne a chion féin ní baoghal dúinn,
acht is cóir dhúinn gan a dhearmhad gur
sinn féin a chuir an fraoch ar lasadh &
gur orainn féin a bheidh an obair a
choimeád ar siubhal is a thabhairt chun
críche fóghanta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services