Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Craoibhín Aoibhinn Bréige
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Craoibhín Aoibhinn Bréige
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Craoibhín Aoibhinn Bréige. (ar leanamhaint) Bhí an t-iongantas ag méadughadh orm-sa, dólaimh, agus is dóighthe go dtug sé fá deara é. “Gan amhrus,” ar seisean, “tá iongantas ort mise d'fheiceáil san chuma so, agus mé in m'Ollamh le teangachaibh i nOllsgoil Siceágó. Ná bíodh aon iongantas ort. Tháinig droch-shláinte orm le teann stuidéir agus dlúthas na hoibre bhí orm, fuair mé seal saoire agus tháinig mé anall go hÉirinn ag iarraidh sláinte. Is beag an biseach atá orm go fóill, siúd is go bhfuil mé sa tír ós cionn bliadhna, agus stopadh mo pháidhe ar an taoibh thall. Mar sin de, ní'l mé go láidir sa tsaoghal i ndóigh ar bith, agus má thugann sibh damh an méid a chothóchas mé annso fanfaidh mé agaibh go cionn bliadhna féachaint an bhfuighinn biseach in mo shláinte, & badh mhaith liom bheith ag teagasg Gaedhilge chomh fhad is tá mé annso.” Bhí an-luathgháir orm féin & shuidh- eamar ag cainnt & ag comhrádh go dtí an tráthnóna. Thug mé liom é annsin go bhfuair mé lóisdín breagh sásta dhó i dtigh ósda 'sa' bhaile. Bhí an fear óg a tháinig 'un mo thigh-se leis an gCraoibhín i n-éinfheacht linn i gcomh- naidhe, & nuair tháinig seisean & mé féin amach go dtí an tsráid arís d'fhiafruigh sé dhíom: — “An gcreideann tú an méid adeir an fear sin?” “Cad chuige nach gcreidfinn?” arsa mise, & chuir an cheist iongantas orm.
“Maiseadh ní chreidim-se é,” ar sé. “Bhéarainn mionna an leabhair go bhfuil an sean-bhoc sin tugtha do'n ólachán, & fosda go raibh sé ag stealladh na mbréag chugat-sa.” “Ná habair a leithéid,” arsa mise. “Nach é an Chraoibhín Aoibhinn é, an file is fearr atá againn sa' nua- Ghaedhilg. Chá déarfainn nach n-ólfadh sé braon, nó thug mé fá deara go bhfuil an chuma sin air, acht an bhfaca tú riamh file nach n-ólfadh, & go háirithe file Gaedhealach? Chan fhaca an Diúlach file Gaedhealach riamh & ní móide go bhfaca mise, acht léigh mé tuairisg ar chuid aca nach raibh géar- fhuath aca do'n ‘dram.’” “Ar chuala tú riamh goidé 'n seort duine an Chraoibhín Aoibhinn seo a sgríobhas an fhilidheacht Ghaedhilge?” arsa an Diúlach. “Chár chuala,” arsa mise, “acht go bhfaca mé a chuid filidheachta i nIris- leabhar na Gaedhilge.” “Nach bhféadfá 'fhagháil amach, acht sgríobhadh go Baile Átha Cliath?” “Is dóigh liom go bhféadfainn,” arsa mise, & d'fhág muid an cheist mar sin an uair sin. Bhí cruinniughadh againn de'n Chumann Liteardha tráthnóna lá ar n-a bhárach & d'árduigh mise mo Chraoibhín liom go dtí an cruinniughadh. Bhí dá shagart i láthair & dream maith de mhuinntir Litirceannain. D'innis mise dóibhthe fá'n tártháil a bhí liom & go mbadh cheart anois rang Gaedhilge do chur ar bun agan mhoill. D'éirigh an Craoibhín féin & leathnuigh an sgéal dóibh & d'innis go mórdhálach gur Ollamh le Teangachaibh an Domhain Thoir do mhúnadh i nOllsgoil Siceágó é, & d'aithris an sgéal go léir mar d'innis sé dhamh-sa, gan pointe do chailleadh nó do mhéadughadh. Thug mé fá deara nuair bhí sé ag cainnt nach raibh Béarla ró-mhaith aige, rud a chuir iongantas orm, acht bhí an Ghaedhilg go háluinn aige. D'aontuigh an cruinniughadh gur cheart dul ar aghaidh leis an nGaedhilg & chinneamar comhairle tosnughadh do dhéanamh an tseachtmhain a bhí chugainn. Nuair chuaidh mise 'na bhaile mheabh- ruigh mé ar an cheist go léir & chonnaictheas damh go mbadh fearr fios- rughadh fá dtaoibh de'n Chraoibhín Aoibhinn. Bhí Mícheál Cíosóg ar Chumann na Gaedhilge an uair sin & siúd is nach raibh aithne ar bith agan air, sgírobh mé chuige ag fiafruighe dhe cé hé an Craoibhín Aoibhinn & ag innseadh dhó goidé mar bhí. Fuair mé litir uaidh i gceann dá lá a ráidht gur mac-léighinn óg i gColáiste na Tríonóide an Craoibhín & nach raibh in mo Chraoibhín-se acht Craoibhín bréige. “Shaoilfinn,” ar seisean, “gur sidheóg i riocht duine atá ag imirt cleas an phúca ort, acht amháin gur thárla isteach againn annso i mBaile-Átha- Cliath go deireannach sompla de shean- shúipéir briste ó Chuan-na-mara & é ar seachrán & ní dhéarfainn nach é an buachaillín céadna atá 'ga do mhealladh-sa anois.” Saoilim go ndeachaidh mo chroidhe síos go bonnaibh mo bhróg nuair léigh mé an litir seo. Goidé dhéanfainn anois? Agus bheadh an saoghal mór ag magadh fúm. Mhachtnuigh mé & bhreathnuigh mé & mheabhruigh mé ar an cheist, & thionntuigh mé in m'aigne í & chogain mé eidir m'fhiaclaibh í. Chonnaictheas dam nach raibh an cheist chomh dona is shaoil mé na dhiaidh sin. “Is cinnte sin,” arsa mise in m'aigne féin, “nach é seo an Craoibhín Aoibhinn & is cinnte fosda nach bhfuil sé 'na ollamh le teangachaibh i nOllsgoil Siceágó, acht mar sin féin tá sár- Ghaedhilg aige & béidh sé fíor-úsáideach dhúinn. Rachamaoid ar aghaidh leis an Ghaedhilg, & chá n-abróchaidh mé focal fa dtaoibh de'n litir seo, acht amháin go gcuirfidh mé i n-umhail do féin go bhfuil aithne agam air.” Lá ar n-a bhárach casadh orm é & tar éis beagán comhráidh labhair mé go hobann ar an nídh a bhí in m'aigne. “Ní tusa an Craoibhín,” arsa mise. Níor bhain sin aon bhíodhga as, rud a chuir iongantas orm. “Cé d'innis sin duit?” adeir sé. “Is cuma dhuit-se,” arsa mise, “cé d'innis damh é, acht ní tusa an Craoibhín, & ní tusa sgríobh na dánta áilne úd, & ní chreidim anois go bhfuil tú in d'ollamh le teangachaibh ach' oiread.“ “Maiseadh, go dearbhtha is mé an Craoibhín & is mé do sgríobh na dánta & tá mé in m'ollamh le teangachaibh agus is mé a theagasg teangacha an domhain thoir le chúig bhliadhnaibh déag i nOllsgoil Siceágó. Nach bhfuil fios ag an tsaoghal ar sin. Agus má d'innis éinneach duit-se nach bhfuil sin mar sin bhí sé a stealladh na mbréag duit, & go deimhin & go dearbhtha cuir- fidh mise an dlighe air.” Bhí sé ár íribh do réir cosamhlachta, & ní fhéadfainn athrughadh sgéala d'fhagháil uaidh. Sé an rud adubhairt mé leis sa' deireadh. “Anois ní chreidim ar chor ar bith gur tú an Craoibhín acht tá fhios agam go bhfuil Gaedhilg mhaith agat & ní innseóchaidh mise a ghach fá dtaoibh díot & fan annso againn, teagaisg an Ghaedhilg & bhéaramaoid an méid airgid duit is a cheannóchas lóisdín & biadh dhuit ar a laghad. Acht cha'n fhanfadh sé ar chor ar bith. Bhí sé ar buile mar gheall ar an mío-mhuinighin a chuir mise ann. Thug sé a mhóide & a mhionna go mbéadh cúitiughadh aige asam-sa & as a eascáirdibh go léir a bhí ag cur bréige air & lá ar n-a bhárach d'imthigh sé leis ar an chuma sin. Seal 'na dhiaidh sin bhí tuaraisg sa pháipéar go raibh a mhac-a-samhail i dtigh na mbocht i Srathán-urláir & é ag tabhairt grinn do bhuidhin coimheadtha na mbocht ag dearbhadh gur ollamh le teangacha an dhomhain toir i nOllsgoil i Siceágó é. Níor fhan sé i bhfad ann gur imthigh sé leis arís & níor chualas tásg nó tuar- aisg air ó shoin. Stealladh magadh & fonmhóid ar mo cheann-sa na dhiaidh sin & cuireadh cosg ar thrácht ar Ghaedhilg i Leitirceannain le mo linn-se annsin. Bhí sé, b'fhéidir, dhá bhliadhain déag i ndiaidh an ama sin nuair fuair mé an chéad amharc ar an Chraoibhín s'againn féin & nuair a dhearc mé air b'éigin damh sgairteadh leis an gáire nuair shmuain mé ar an sióbhránach suarach do thainig chugam faoi ainm an Chraoibhín i Leitirceannain. CÚ ULADH
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services