Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Craoibhín Aoibhinn Bréige

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Craoibhín Aoibhinn Bréige
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Craoibhín Aoibhinn Bréige.



(ar leanamhaint)



Bhí an t-iongantas ag méadughadh
orm-sa, dólaimh, agus is dóighthe go dtug
sé fá deara é.



“Gan amhrus,” ar seisean, “tá
iongantas ort mise d'fheiceáil san
chuma so, agus mé in m'Ollamh le
teangachaibh i nOllsgoil Siceágó. Ná
bíodh aon iongantas ort. Tháinig
droch-shláinte orm le teann stuidéir
agus dlúthas na hoibre bhí orm, fuair mé
seal saoire agus tháinig mé anall go
hÉirinn ag iarraidh sláinte. Is beag
an biseach atá orm go fóill, siúd is
go bhfuil mé sa tír ós cionn bliadhna,
agus stopadh mo pháidhe ar an taoibh
thall. Mar sin de, ní'l mé go láidir
sa tsaoghal i ndóigh ar bith, agus má
thugann sibh damh an méid a chothóchas
mé annso fanfaidh mé agaibh go
cionn bliadhna féachaint an bhfuighinn
biseach in mo shláinte, & badh mhaith liom
bheith ag teagasg Gaedhilge chomh fhad is
tá mé annso.”



Bhí an-luathgháir orm féin & shuidh-
eamar ag cainnt & ag comhrádh go dtí
an tráthnóna. Thug mé liom é annsin
go bhfuair mé lóisdín breagh sásta dhó
i dtigh ósda 'sa' bhaile. Bhí an fear
óg a tháinig 'un mo thigh-se leis an
gCraoibhín i n-éinfheacht linn i gcomh-
naidhe, & nuair tháinig seisean & mé
féin amach go dtí an tsráid arís
d'fhiafruigh sé dhíom: —
“An gcreideann tú an méid adeir
an fear sin?”



“Cad chuige nach gcreidfinn?”
arsa mise, & chuir an cheist iongantas
orm.


L. 6


“Maiseadh ní chreidim-se é,” ar sé.
“Bhéarainn mionna an leabhair go
bhfuil an sean-bhoc sin tugtha do'n
ólachán, & fosda go raibh sé ag
stealladh na mbréag chugat-sa.”



“Ná habair a leithéid,” arsa mise.
“Nach é an Chraoibhín Aoibhinn é, an
file is fearr atá againn sa' nua-
Ghaedhilg. Chá déarfainn nach n-ólfadh
sé braon, nó thug mé fá deara go
bhfuil an chuma sin air, acht an bhfaca
tú riamh file nach n-ólfadh, & go
háirithe file Gaedhealach? Chan fhaca
an Diúlach file Gaedhealach riamh & ní
móide go bhfaca mise, acht léigh mé
tuairisg ar chuid aca nach raibh géar-
fhuath aca do'n ‘dram.’”



“Ar chuala tú riamh goidé 'n seort
duine an Chraoibhín Aoibhinn seo a
sgríobhas an fhilidheacht Ghaedhilge?”
arsa an Diúlach.



“Chár chuala,” arsa mise, “acht go
bhfaca mé a chuid filidheachta i nIris-
leabhar na Gaedhilge.”



“Nach bhféadfá 'fhagháil amach, acht
sgríobhadh go Baile Átha Cliath?”



“Is dóigh liom go bhféadfainn,”
arsa mise, & d'fhág muid an cheist
mar sin an uair sin.



Bhí cruinniughadh againn de'n Chumann
Liteardha tráthnóna lá ar n-a bhárach &
d'árduigh mise mo Chraoibhín liom go
dtí an cruinniughadh. Bhí dá shagart
i láthair & dream maith de mhuinntir
Litirceannain. D'innis mise dóibhthe
fá'n tártháil a bhí liom & go mbadh
cheart anois rang Gaedhilge do chur ar
bun agan mhoill. D'éirigh an Craoibhín
féin & leathnuigh an sgéal dóibh &
d'innis go mórdhálach gur Ollamh le
Teangachaibh an Domhain Thoir do
mhúnadh i nOllsgoil Siceágó é, &
d'aithris an sgéal go léir mar d'innis
sé dhamh-sa, gan pointe do chailleadh
nó do mhéadughadh. Thug mé fá deara
nuair bhí sé ag cainnt nach raibh Béarla
ró-mhaith aige, rud a chuir iongantas
orm, acht bhí an Ghaedhilg go háluinn
aige. D'aontuigh an cruinniughadh gur
cheart dul ar aghaidh leis an nGaedhilg
& chinneamar comhairle tosnughadh do
dhéanamh an tseachtmhain a bhí chugainn.



Nuair chuaidh mise 'na bhaile mheabh-
ruigh mé ar an cheist go léir &
chonnaictheas damh go mbadh fearr fios-
rughadh fá dtaoibh de'n Chraoibhín
Aoibhinn. Bhí Mícheál Cíosóg ar
Chumann na Gaedhilge an uair sin &
siúd is nach raibh aithne ar bith agan
air, sgírobh mé chuige ag fiafruighe dhe
cé hé an Craoibhín Aoibhinn & ag
innseadh dhó goidé mar bhí. Fuair mé
litir uaidh i gceann dá lá a ráidht
gur mac-léighinn óg i gColáiste na
Tríonóide an Craoibhín & nach raibh in
mo Chraoibhín-se acht Craoibhín bréige.



“Shaoilfinn,” ar seisean, “gur
sidheóg i riocht duine atá ag imirt cleas
an phúca ort, acht amháin gur thárla
isteach againn annso i mBaile-Átha-
Cliath go deireannach sompla de shean-
shúipéir briste ó Chuan-na-mara & é
ar seachrán & ní dhéarfainn nach é
an buachaillín céadna atá 'ga do
mhealladh-sa anois.”



Saoilim go ndeachaidh mo chroidhe
síos go bonnaibh mo bhróg nuair léigh
mé an litir seo. Goidé dhéanfainn
anois? Agus bheadh an saoghal mór
ag magadh fúm. Mhachtnuigh mé &
bhreathnuigh mé & mheabhruigh mé ar an
cheist, & thionntuigh mé in m'aigne í
& chogain mé eidir m'fhiaclaibh í.
Chonnaictheas dam nach raibh an cheist
chomh dona is shaoil mé na dhiaidh sin.
“Is cinnte sin,” arsa mise in m'aigne
féin, “nach é seo an Craoibhín Aoibhinn
& is cinnte fosda nach bhfuil sé 'na
ollamh le teangachaibh i nOllsgoil
Siceágó, acht mar sin féin tá sár-
Ghaedhilg aige & béidh sé fíor-úsáideach
dhúinn. Rachamaoid ar aghaidh leis an
Ghaedhilg, & chá n-abróchaidh mé focal
fa dtaoibh de'n litir seo, acht amháin
go gcuirfidh mé i n-umhail do féin go
bhfuil aithne agam air.”



Lá ar n-a bhárach casadh orm é &
tar éis beagán comhráidh labhair mé go
hobann ar an nídh a bhí in m'aigne.



“Ní tusa an Craoibhín,” arsa mise.



Níor bhain sin aon bhíodhga as, rud a
chuir iongantas orm.



“Cé d'innis sin duit?” adeir sé.
“Is cuma dhuit-se,” arsa mise, “cé
d'innis damh é, acht ní tusa an
Craoibhín, & ní tusa sgríobh na dánta
áilne úd, & ní chreidim anois go bhfuil
tú in d'ollamh le teangachaibh ach'
oiread.“



“Maiseadh, go dearbhtha is mé an
Craoibhín & is mé do sgríobh na dánta
& tá mé in m'ollamh le teangachaibh agus
is mé a theagasg teangacha an domhain
thoir le chúig bhliadhnaibh déag i
nOllsgoil Siceágó. Nach bhfuil fios
ag an tsaoghal ar sin. Agus má
d'innis éinneach duit-se nach bhfuil sin
mar sin bhí sé a stealladh na mbréag
duit, & go deimhin & go dearbhtha cuir-
fidh mise an dlighe air.”



Bhí sé ár íribh do réir cosamhlachta,
& ní fhéadfainn athrughadh sgéala
d'fhagháil uaidh.



Sé an rud adubhairt mé leis sa'
deireadh. “Anois ní chreidim ar chor
ar bith gur tú an Craoibhín acht tá
fhios agam go bhfuil Gaedhilg mhaith
agat & ní innseóchaidh mise a ghach fá
dtaoibh díot & fan annso againn,
teagaisg an Ghaedhilg & bhéaramaoid
an méid airgid duit is a cheannóchas
lóisdín & biadh dhuit ar a laghad.



Acht cha'n fhanfadh sé ar chor ar
bith. Bhí sé ar buile mar gheall
ar an mío-mhuinighin a chuir mise
ann. Thug sé a mhóide & a mhionna go
mbéadh cúitiughadh aige asam-sa & as
a eascáirdibh go léir a bhí ag cur
bréige air & lá ar n-a bhárach d'imthigh
sé leis ar an chuma sin. Seal 'na
dhiaidh sin bhí tuaraisg sa pháipéar go
raibh a mhac-a-samhail i dtigh na mbocht
i Srathán-urláir & é ag tabhairt grinn
do bhuidhin coimheadtha na mbocht ag
dearbhadh gur ollamh le teangacha an
dhomhain toir i nOllsgoil i Siceágó é.
Níor fhan sé i bhfad ann gur imthigh sé
leis arís & níor chualas tásg nó tuar-
aisg air ó shoin. Stealladh magadh &
fonmhóid ar mo cheann-sa na dhiaidh sin
& cuireadh cosg ar thrácht ar Ghaedhilg i
Leitirceannain le mo linn-se annsin.



Bhí sé, b'fhéidir, dhá bhliadhain déag
i ndiaidh an ama sin nuair fuair mé an
chéad amharc ar an Chraoibhín s'againn
féin & nuair a dhearc mé air b'éigin
damh sgairteadh leis an gáire nuair
shmuain mé ar an sióbhránach suarach do
thainig chugam faoi ainm an Chraoibhín i
Leitirceannain.



CÚ ULADH

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services