Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Reaca Breagh Mo Chinn
Title
Guth na mBárd - Reaca Breagh Mo Chinn
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd REACA BREAGH MO CHINN Maidin aoibhinn Fhoghmhair, Is mé a gabháil an ród so thíos, Do casadh cailín óg orm, 'S ag crúdh a bó seadh bhí; Bhí gruaig a cinn mar an ómar, Is lasadh rós n-a gnaoi; “Sé mo léan gan mé is tú pósta, A chailín óig, a chroidhe.” “Is maith an t-am pósta é, A bhuachaill óig,” ar sí, “Tabhair mo reaca dhamh-sa 'S is blasta gheóbhair do dhíol.” Chuamair go tigh an ósta, 'S do bhíomair ar stól 'ár suidhe, “Ghlaoidh-se ar phuins do dhótháin Mar 'sí d'fhóirfidh ar do chroidhe.” “Is dubhach an bhean gach lá mé 'S is buartha cráidhte a bhím, Gan dúil i ngreann ná i ngáire Go bhfuigheadh im láimh é arís; Tá gruaig mo chinn gan táthadh 'S gan náid agam a réidheóghadh í; 'S cad a dhéanfadh féin a mháithrín Gan reaca breagh mo chinn?” “Mhuise, a inghean ó, ná bíodh cás ort Ná buaidhirt ar lár do chroidhe, Geobhaidh sé an tslighe seo i mbáir- each Is cuir céad fáilte roimhe; Socruigh cathaoir árd fé I n-imeall nó i lár an tighe, Sciob a hata it láimh leat Is gheobhair do reaca arís.” Do stadas fhéin ar feadh nóimit 'S ag éisteacht leó seadh bhíos Ar leath-taoibh claidhe na teórann, Is mo reaca im póca tíos: Thugas aon “Dar Fianna Fódla,” Cé gur dóighte a bhí mo chroidhe, Gur mhaith an saoghal fad ó é, 'S go raibh a sórd n-a gcinn. Badh mhaith an fear san bhFoghmhar mé Dhon té go mbeadh gnó aige dhíom, Do dhéanfainn cruach nó stáca Is do thógfainn beárna chlaidhe, Do threabhfainn iomairí bána, 'S do chroithfinn súiste im láimh dheis Dá bhfuighinn mo shásamh dighe. Fuaireas an t-amhrán thuas ó Shéamus Ó Ríordáin, atá n-a chomhnaidhe ar an Maoilinn i gCarraig na bhFear. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services