Guth na mBárd
REACA BREAGH MO CHINN
Maidin aoibhinn Fhoghmhair,
Is mé a gabháil an ród so thíos,
Do casadh cailín óg orm,
'S ag crúdh a bó seadh bhí;
Bhí gruaig a cinn mar an ómar,
Is lasadh rós n-a gnaoi;
“Sé mo léan gan mé is tú pósta,
A chailín óig, a chroidhe.”
“Is maith an t-am pósta é,
A bhuachaill óig,” ar sí,
“Tabhair mo reaca dhamh-sa
'S is blasta gheóbhair do dhíol.”
Chuamair go tigh an ósta,
'S do bhíomair ar stól 'ár suidhe,
“Ghlaoidh-se ar phuins do dhótháin
Mar 'sí d'fhóirfidh ar do chroidhe.”
“Is dubhach an bhean gach lá mé
'S is buartha cráidhte a bhím,
Gan dúil i ngreann ná i ngáire
Go bhfuigheadh im láimh é arís;
Tá gruaig mo chinn gan táthadh
'S gan náid agam a réidheóghadh í;
'S cad a dhéanfadh féin a mháithrín
Gan reaca breagh mo chinn?”
“Mhuise, a inghean ó, ná bíodh cás ort
Ná buaidhirt ar lár do chroidhe,
Geobhaidh sé an tslighe seo i mbáir-
each
Is cuir céad fáilte roimhe;
Socruigh cathaoir árd fé
I n-imeall nó i lár an tighe,
Sciob a hata it láimh leat
Is gheobhair do reaca arís.”
Do stadas fhéin ar feadh nóimit
'S ag éisteacht leó seadh bhíos
Ar leath-taoibh claidhe na teórann,
Is mo reaca im póca tíos:
Thugas aon “Dar Fianna Fódla,”
Cé gur dóighte a bhí mo chroidhe,
Gur mhaith an saoghal fad ó é,
'S go raibh a sórd n-a gcinn.
Badh mhaith an fear san bhFoghmhar mé
Dhon té go mbeadh gnó aige dhíom,
Do dhéanfainn cruach nó stáca
Is do thógfainn beárna chlaidhe,
Do threabhfainn iomairí bána,
'S do chroithfinn súiste im láimh dheis
Dá bhfuighinn mo shásamh dighe.
Fuaireas an t-amhrán thuas ó Shéamus Ó
Ríordáin, atá n-a chomhnaidhe ar an Maoilinn
i gCarraig na bhFear.
Tórna