Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Coimeád na Gaedhil sa mBaile
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Coimeád na Gaedhil sa mBaile
Author(s)
Ó Dálaigh, P.,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Coimeád na Gaedhil sa mBaile! Goidé an dream sa dúithche seo is córa do Ghaedhilgeóiríbh na hÉireann do chosaint do ghrádh obair an Chonnartha féin do chur ar aghaidh? An dream is mó labhrann an Ghaedhilg, gan amhras. Goidé an dream is mó atá ag fágaint na tíre & ag dul ar fán i n-imigéin gach aon lá? Muintir na Gaedhilge do labhairt. Agus goidé an dream is mó labhrann an Ghaedhilg? An iad na daoine móra iad? Ní hiad. An iad na feirmeóirí láidre féin iad? Tá eagla orm go bhfuil mórán aca so eirighthe Gallda go leór leis & go bhfuil fonn fós ar chuid aca a bheith ar sodar as diaidh na ndaoine mór. Níl aon rud ba lughra liom ná comórtas ná comh-éad d'adhaint idir aon dá dhream i nÉirinn. Níl aon rud ba mheasa do'n tír ná é. Ní do ghrádh aon dream ar leith do cháineadh a deirim an méid seo acht is dóigh liom go bhfuil an dearmhad & an éagcóir dá dhéanamh fós ar thuathanaighibh oibre & ar sclábhuidhthibh na hÉireann. Ní mar cheist phoilidheachta do thráchtaim ar seo acht amháin gur ceist í go bhfuil dlúth-bhaint aici le buanughadh na Gaedhilge i nÉirinn. Na mílte de'n dream is mo labhrann an Gaedhilg gá bhfuadach chun fáin gach aon mhí & gan iarracht dáiríribh ghá dhéanamh ar iad a choiméad sa mbaile & iad féin & a gcuid Ghaedhilge do shocrughadh & do dhaingniughadh ar shean-talamh na hÉireann gan aon iarracht dáiríribh gá déanamh? Seadh, is oith liom a rádh ná fuil & ní gábhadh mar chruthughadh ar sin acht mar tréigeadh an bille do bhí ós comhair Feise Shasana le deighean- aighe iad. Leig an riaghaltas ar lár é acht ní dhéanfaidís dá mbá dhóigh leótha go raibh sé ag teasdáil go dian ó fheisiríbh na hÉireann. Is ar an adhbhar soin do dheisighadh Reacht na talmhan. Ba mhaith an rud é sin féin gan amhras. Níl fear i nÉirinn do dhéarfadh focal n-a choinne. Acht tá eagla orm ná leighiseann sé an sean nós atá againn le fada sé sin gan de'n talamh do bheith gá saothrughadh acht an fhíor-bheagan. Níl gá déanamh acht seilbh na talmhan ghá aistriu- ghadh ó dhream áirithe go dream eile. Rud maith ann féin féin, gan aon agomh. Acht ní fheicim aon fheabhsughadh gá dhéanamh ar an usáid do dhéantar de'n talamh nuair do dhíoltar í. Goidé an tairbhe do'n dúithche breis caothamhlachta do thabhairt do dhream áirithe chun beithidhigh do chothughadh & deire ar fad do chur le lucht talamh do shaothrughadh & an dream is Gaedhealaighe do mhuintir na hÉireann do chur ar bhórd luinge na himirce. Chun an fhírinne d'innsint tá eagla orm gur fearr i bhfad le cuid mhaith de mhuintir na hÉireann an beithidheach mar eadáil nó mar earradh náisiúnta ná an duine. Acht ba cheart do gach Gaedhilgeoir go bhfuil aon chomhacht aige ná aon ghuth aige i gcomhairle cheanntair nó i ngnóthaibh áiteamhla a dhícheall dian do dhéanamh chun a gceart do bhaint amach do sna sclábhuighthibh Gaedhealacha fé'n dtuaith & chun iad féin & a gcuid Gaedhilge do choimeád sa mbaile annso i nÉirinn mar is dual sinnsir dóibh a bheith. Is mó slighe gur féidir lámh conganta do thabhairt. Ní gábhadh dhom iad a mhíniughadh. Éinne go bhfuil eólas aige ar Reachtaibh na Sclábhuidhthe bheidh fhios aige féin iad. P. Ó Dálaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services