Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Coimeád na Gaedhil sa mBaile

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Coimeád na Gaedhil sa mBaile
Author(s)
Ó Dálaigh, P.,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Coimeád na Gaedhil sa
mBaile!



Goidé an dream sa dúithche seo is
córa do Ghaedhilgeóiríbh na hÉireann
do chosaint do ghrádh obair an
Chonnartha féin do chur ar aghaidh? An
dream is mó labhrann an Ghaedhilg,
gan amhras. Goidé an dream is mó
atá ag fágaint na tíre & ag dul ar
fán i n-imigéin gach aon lá? Muintir
na Gaedhilge do labhairt. Agus goidé
an dream is mó labhrann an Ghaedhilg?
An iad na daoine móra iad? Ní hiad.
An iad na feirmeóirí láidre féin
iad? Tá eagla orm go bhfuil mórán
aca so eirighthe Gallda go leór leis &
go bhfuil fonn fós ar chuid aca a bheith
ar sodar as diaidh na ndaoine mór.



Níl aon rud ba lughra liom ná
comórtas ná comh-éad d'adhaint idir
aon dá dhream i nÉirinn. Níl aon rud
ba mheasa do'n tír ná é. Ní do ghrádh
aon dream ar leith do cháineadh a deirim
an méid seo acht is dóigh liom go
bhfuil an dearmhad & an éagcóir dá
dhéanamh fós ar thuathanaighibh oibre &
ar sclábhuidhthibh na hÉireann. Ní mar
cheist phoilidheachta do thráchtaim ar
seo acht amháin gur ceist í go bhfuil
dlúth-bhaint aici le buanughadh na
Gaedhilge i nÉirinn. Na mílte de'n
dream is mo labhrann an Gaedhilg gá
bhfuadach chun fáin gach aon mhí & gan
iarracht dáiríribh ghá dhéanamh ar iad a
choiméad sa mbaile & iad féin & a
gcuid Ghaedhilge do shocrughadh &
do dhaingniughadh ar shean-talamh na
hÉireann gan aon iarracht dáiríribh gá
déanamh? Seadh, is oith liom a rádh
ná fuil & ní gábhadh mar chruthughadh ar
sin acht mar tréigeadh an bille do bhí
ós comhair Feise Shasana le deighean-
aighe iad. Leig an riaghaltas ar lár é
acht ní dhéanfaidís dá mbá dhóigh leótha go
raibh sé ag teasdáil go dian ó fheisiríbh
na hÉireann. Is ar an adhbhar soin do
dheisighadh Reacht na talmhan. Ba
mhaith an rud é sin féin gan amhras.
Níl fear i nÉirinn do dhéarfadh focal
n-a choinne. Acht tá eagla orm ná
leighiseann sé an sean nós atá
againn le fada sé sin gan de'n
talamh do bheith gá saothrughadh acht
an fhíor-bheagan. Níl gá déanamh
acht seilbh na talmhan ghá aistriu-
ghadh ó dhream áirithe go dream
eile. Rud maith ann féin féin,
gan aon agomh. Acht ní fheicim aon
fheabhsughadh gá dhéanamh ar an usáid do
dhéantar de'n talamh nuair do dhíoltar
í. Goidé an tairbhe do'n dúithche
breis caothamhlachta do thabhairt do
dhream áirithe chun beithidhigh do
chothughadh & deire ar fad do chur le
lucht talamh do shaothrughadh & an dream
is Gaedhealaighe do mhuintir na
hÉireann do chur ar bhórd luinge na
himirce. Chun an fhírinne d'innsint
tá eagla orm gur fearr i bhfad le
cuid mhaith de mhuintir na hÉireann an
beithidheach mar eadáil nó mar earradh
náisiúnta ná an duine. Acht ba
cheart do gach Gaedhilgeoir go bhfuil
aon chomhacht aige ná aon ghuth aige i
gcomhairle cheanntair nó i ngnóthaibh
áiteamhla a dhícheall dian do dhéanamh
chun a gceart do bhaint amach do sna
sclábhuighthibh Gaedhealacha fé'n dtuaith
& chun iad féin & a gcuid Gaedhilge do
choimeád sa mbaile annso i nÉirinn
mar is dual sinnsir dóibh a bheith. Is
mó slighe gur féidir lámh conganta do
thabhairt. Ní gábhadh dhom iad a
mhíniughadh. Éinne go bhfuil eólas aige
ar Reachtaibh na Sclábhuidhthe bheidh fhios
aige féin iad.



P. Ó Dálaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services