Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
D'éis na mBeart
Title
D'éis na mBeart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Lughnasa 13, 1904. D'éis na mBeart Tá an tOireachtas tharainn fé dheoidh. Tá deireadh le bruid is le grithileán na seachtmhaine. Tháinig an tOireachtas. Chuir sé áthas is iongantas orainn. D'fhoghluimeamair mórán nidhthe d'oir- fidh dhúinn san obair atá romhainn. Annsoin d'imthigh uainn arís is d'fhág sé sinn pas brónach, acht go bhfuil aigne gach duine againn socair ar bhreis a dhéanamh i gcaitheamh na bliadhna so chughainn ar son teangadh ár ndúth- chais. Sin é an sprid ceart. An fhaid a mhairfidh an sprid sin ní baoghal do'n Ghaedhilg, is a mhuinntir na n-árann, cár mhiste dá mairfeadh go deo? Ní gábhadh thrácht annso ar gach a mbaineann leis an Oireachtas, is dá mbadh ghábhadh féin níor bh'fhéidir é, mar tá an iomarca ann. Ceist mhór is eadh í. Agus 'na theannta soin gheóbhthar cunntas cruinn air i n-áit eile. Acht níor cheart gan na daoine, teachtairí is iomaidhtheóirí is eile, a tháinig ó'n dtuaith a mholadh go hárd. Is í ár dtuairim féin gur féidir maith- easa & deagh-thairbhe an Oireachtas a mheas do réir líonmhaireacht na ndaoine ó'n dtuaith a thagann fé n-a dhéin. Riamh ó thosnuigheamair ar an Oireachtas, is ar mhuinntir na tuaithe a bhí ár mbraith. Tháinig mórán chun an chéad Oireachtais. Ag dul i líonmhaireacht a bhítí riamh ó shoin, & do sháruigh an bhliadhain seo ar gach bliadhain dá dtáinig roimpi. Nár cheart dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh ar bhreis scóip a chur ar Oireachtas na bliadhna so chughainn? Ní baoghal dúinn an fhaid a bheidh muinntir na Gaedhealtachta linn. Tugaid fionnfhuaradh breagh taithne- amhach na Gaedhealtachta isteach i lár na Galldachta. Do thógfadh sé croidhe éinne bheith ag féachaint ar fhearaibh téagartha calma na tuaithe mar ghabhaidís tríd an Rotunda nó ar na sráideannaibh comhgarach dhó i ruith na seachtmhaine. Ba bhreagh iad a mbáin- íní is a gcasóga bréide. Agus ba bhreaghtha 'ná sain a dteanga líomhtha Gaedhilge. Cúig bliadhna ó shoin bheadh gramraisc de sheoiníníbh Bhaile Átha Cliath ag magadh fútha is ag liúghridh 'na ndiaidh. Cá raibh ná seoiníní i mbliadhna? Táid fé chois againn, is ní baoghal go leogfar dóibh éirghe acht ar thaobh na Gaedhealtachta. Is gairid go mbeidh príomh-chathair na hÉireann i seilbh na nGaedheal. Iarracht nó dhó eile. Cuiridh faobhar suas, a Ghaedheala, & beidh an lá linn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services