Historical Irish Corpus
1600 - 1926

D'éis na mBeart

Title
D'éis na mBeart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Lughnasa 13, 1904.



D'éis na mBeart



Tá an tOireachtas tharainn fé dheoidh.
Tá deireadh le bruid is le grithileán
na seachtmhaine. Tháinig an tOireachtas.
Chuir sé áthas is iongantas orainn.
D'fhoghluimeamair mórán nidhthe d'oir-
fidh dhúinn san obair atá romhainn.
Annsoin d'imthigh uainn arís is d'fhág
sé sinn pas brónach, acht go bhfuil
aigne gach duine againn socair ar
bhreis a dhéanamh i gcaitheamh na bliadhna
so chughainn ar son teangadh ár ndúth-
chais. Sin é an sprid ceart. An fhaid
a mhairfidh an sprid sin ní baoghal do'n
Ghaedhilg, is a mhuinntir na n-árann,
cár mhiste dá mairfeadh go deo?



Ní gábhadh thrácht annso ar gach a
mbaineann leis an Oireachtas, is dá
mbadh ghábhadh féin níor bh'fhéidir é,
mar tá an iomarca ann. Ceist mhór
is eadh í. Agus 'na theannta soin
gheóbhthar cunntas cruinn air i n-áit
eile. Acht níor cheart gan na daoine,
teachtairí is iomaidhtheóirí is eile, a
tháinig ó'n dtuaith a mholadh go hárd.
Is í ár dtuairim féin gur féidir maith-
easa & deagh-thairbhe an Oireachtas a
mheas do réir líonmhaireacht na ndaoine
ó'n dtuaith a thagann fé n-a dhéin. Riamh
ó thosnuigheamair ar an Oireachtas, is
ar mhuinntir na tuaithe a bhí ár
mbraith. Tháinig mórán chun an chéad
Oireachtais. Ag dul i líonmhaireacht
a bhítí riamh ó shoin, & do sháruigh an
bhliadhain seo ar gach bliadhain dá
dtáinig roimpi. Nár cheart dúinn go
léir ár ndícheall a dhéanamh ar bhreis
scóip a chur ar Oireachtas na bliadhna
so chughainn?



Ní baoghal dúinn an fhaid a bheidh
muinntir na Gaedhealtachta linn.
Tugaid fionnfhuaradh breagh taithne-
amhach na Gaedhealtachta isteach i lár
na Galldachta. Do thógfadh sé croidhe
éinne bheith ag féachaint ar fhearaibh
téagartha calma na tuaithe mar
ghabhaidís tríd an Rotunda nó ar na
sráideannaibh comhgarach dhó i ruith na
seachtmhaine. Ba bhreagh iad a mbáin-
íní is a gcasóga bréide. Agus ba
bhreaghtha 'ná sain a dteanga líomhtha
Gaedhilge. Cúig bliadhna ó shoin bheadh
gramraisc de sheoiníníbh Bhaile Átha
Cliath ag magadh fútha is ag liúghridh
'na ndiaidh. Cá raibh ná seoiníní i
mbliadhna? Táid fé chois againn, is
ní baoghal go leogfar dóibh éirghe acht
ar thaobh na Gaedhealtachta. Is gairid
go mbeidh príomh-chathair na hÉireann
i seilbh na nGaedheal. Iarracht nó dhó
eile. Cuiridh faobhar suas, a Ghaedheala,
& beidh an lá linn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services