Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOchtmhadh Oireachtas
Title
An tOchtmhadh Oireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 09, 1904. An tOchtmhadh Oireachtas Tá an t-ochtmhadh Oireachtas ag druidim linn go buacach gach lá anois. Go dtí so bhíodh an tOireachtas againn i mí na Bealtaine, acht ar an Árd- Fheis anuraidh bhí urmhór a raibh láithreach i bhfabhar an dáta d'aistriughadh go dtí an Lughnasa. Do dheineadh amhlaidh, & i mbliadhna beidh an tOireachtas ar siubhal againn i gcaitheamh na céad sheachtmhaine de mhí na Lughnasa, mí ghairid uainn anois. Is mór atáimíd tagaithe chun cinn ó bhliadhain a '97 nuair a cuireadh an chéad Oireachtas ar siubhal. Bhí dos- aon éigin iomaidheacht againn an bhliadh- ain úd. Tá céad iomaidheacht, geall leis, againn i mbliadhna. Ní raibh puinn tar leath-chéad duine ag iomaidheacht san gcéad Oireachtas. Níor bh'iongnadh linn dá mbeadh cúpla míle ag iomaidheacht i mbliadhna. Tá an tOireachtas ag fás gach éin-bhliadhain. Ní hiongnadh soin, mar nach é prímh- ionad coinne Gaedhilgeoirí na hÉireann é? Beidh urmhór d'fheiseannaibh na tuaithe i leath-taoibh roimh an Oireachtas. Ar an adhbhar soin, badh chóir go ndéanfaidhe iarracht ar na daoinibh a bhuaidh duaiseanna ins na feiseannaibh fá'n dtuaith a thabhairt go dtí an tOireachtas. Ar an gcuma soin beidh na daoine is fearr ó gach áird de'n tír againn i gcomhair an Oireachtais & ó bhliadhain go bliadhain féadfar a mheas cad iad na ceanntair is fearr atá ag obair, & cad iad na háiteanna atá díomhaoin nó failligheach. Feis mhór i gcomhair Éireann uile is eadh an tOireachtas. Níor chóir scáth ná eagla a bheith ar éinne ag teacht ag iomaidheacht ann. “Ó” adéarfaidh duine, “cad é an mhaith dhamh-sa dul go Baile Átha Cliath? Ní bheadh éin- tseans agam ar dhuais ná eín-nídh eile d'fhágháil.” Dá ndéarfadh gach éinne soin, cá mbeadh an tOireachtas i n-éan-chor? Cad é an mhaith do Chonn- radh na Gaedhilge bheith á mharbhughadh féin ag obair de ló is d'oidhche, ag iarraidh an Oireachtas is rudaí nach é a chóimead ar siubhal, & gurab é rud adéarfaidh duine dá saghas soin thuas ná “ní raghad-sa go Baile Átha Cliath; ní bhfuighinn éan-duais uatha.” Cá bhfios dó soin? Tá an tOireachtas ag braith ar mhuinntir na Gaedhilge chun é 'chothughadh. Is gearr a raghadh congnamh Bhaile Átha Cliath nó congnamh éan-áite eile fá leith, air. Oireann dó congnamh Gaedheal ó ghach áird de'n tír, & mara bhfuighidh soin is ag dul siar a bheidh i n-ionad bheith ag dul ar aghaidh. Anois an t-am ceart chun féachaint chuige ná caillfear puinn airgid leis, acht 'na dhiaidh sin ná déanfar cinnteacht 'na thaobh. Níor mhór do sna craobhachaibh féachaint chun iomaidhtheoirí a chur ag triall air; dá ndéanfadh gach craobh a cion féin bheadh Oireachtas againn i mbliadhna ná feacathas a leithéid fós. Tá súil againn gur mar sin a bheidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services