Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOchtmhadh Oireachtas

Title
An tOchtmhadh Oireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 09, 1904.



An tOchtmhadh Oireachtas



Tá an t-ochtmhadh Oireachtas ag
druidim linn go buacach gach lá anois.
Go dtí so bhíodh an tOireachtas againn
i mí na Bealtaine, acht ar an Árd-
Fheis anuraidh bhí urmhór a raibh láithreach
i bhfabhar an dáta d'aistriughadh go dtí
an Lughnasa. Do dheineadh amhlaidh, &
i mbliadhna beidh an tOireachtas ar
siubhal againn i gcaitheamh na céad
sheachtmhaine de mhí na Lughnasa, mí
ghairid uainn anois.



Is mór atáimíd tagaithe chun cinn ó
bhliadhain a '97 nuair a cuireadh an
chéad Oireachtas ar siubhal. Bhí dos-
aon éigin iomaidheacht againn an bhliadh-
ain úd. Tá céad iomaidheacht, geall
leis, againn i mbliadhna. Ní raibh
puinn tar leath-chéad duine ag
iomaidheacht san gcéad Oireachtas.
Níor bh'iongnadh linn dá mbeadh cúpla
míle ag iomaidheacht i mbliadhna. Tá
an tOireachtas ag fás gach éin-bhliadhain.
Ní hiongnadh soin, mar nach é prímh-
ionad coinne Gaedhilgeoirí na
hÉireann é?



Beidh urmhór d'fheiseannaibh na
tuaithe i leath-taoibh roimh an Oireachtas.
Ar an adhbhar soin, badh chóir go
ndéanfaidhe iarracht ar na daoinibh a
bhuaidh duaiseanna ins na feiseannaibh
fá'n dtuaith a thabhairt go dtí an
tOireachtas. Ar an gcuma soin beidh
na daoine is fearr ó gach áird de'n
tír againn i gcomhair an Oireachtais &
ó bhliadhain go bliadhain féadfar a
mheas cad iad na ceanntair is fearr
atá ag obair, & cad iad na háiteanna
atá díomhaoin nó failligheach.



Feis mhór i gcomhair Éireann uile is
eadh an tOireachtas. Níor chóir scáth
ná eagla a bheith ar éinne ag teacht ag
iomaidheacht ann. “Ó” adéarfaidh
duine, “cad é an mhaith dhamh-sa dul
go Baile Átha Cliath? Ní bheadh éin-
tseans agam ar dhuais ná eín-nídh eile
d'fhágháil.” Dá ndéarfadh gach éinne
soin, cá mbeadh an tOireachtas i
n-éan-chor? Cad é an mhaith do Chonn-
radh na Gaedhilge bheith á mharbhughadh
féin ag obair de ló is d'oidhche, ag
iarraidh an Oireachtas is rudaí nach é
a chóimead ar siubhal, & gurab é rud
adéarfaidh duine dá saghas soin thuas
ná “ní raghad-sa go Baile Átha Cliath;
ní bhfuighinn éan-duais uatha.” Cá
bhfios dó soin?



Tá an tOireachtas ag braith ar
mhuinntir na Gaedhilge chun é 'chothughadh.
Is gearr a raghadh congnamh Bhaile
Átha Cliath nó congnamh éan-áite eile
fá leith, air. Oireann dó congnamh
Gaedheal ó ghach áird de'n tír, & mara
bhfuighidh soin is ag dul siar a bheidh i
n-ionad bheith ag dul ar aghaidh. Anois
an t-am ceart chun féachaint chuige
ná caillfear puinn airgid leis, acht
'na dhiaidh sin ná déanfar cinnteacht
'na thaobh. Níor mhór do sna craobhachaibh
féachaint chun iomaidhtheoirí a chur ag
triall air; dá ndéanfadh gach craobh
a cion féin bheadh Oireachtas againn i
mbliadhna ná feacathas a leithéid fós.
Tá súil againn gur mar sin a bheidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services