Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Moladh
Title
Moladh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 02, 1904. Moladh Badh chóir go mbeadh móiréis ar Chonnradh na Gaedhilge feasta, tar éis a bhfuair de mholadh ó Uachtaránaibh an Chreidimh Chaitlicidhe i Maigh Nuadhat i gcaitheamh na seachtmhaine seo ghaibh tharainn. Ní héan-rud beag suarach moladh d'fhágháil ó dhuine mar an Doch- túir Mag Fhlannchadha, Easbog na nAille Finne. Mara mbeadh go bhfuil an moladh tuillte is cóir a mheas ná fuighthí ó n-a leithéid siúd é. Chíonn an duine uasal so & mórán eile nach é an obair atá gá déanamh ag Connradh na Gaedhilge gach lá. Chíd siad gur obair thairbheach d'Éirinn í, go bhfuil gábhadh léi & go raghaidh i leas dúinn féin is dár dtír dhúthchais. Is gnáthach nuair a moltar duine go gceapann sé ina aigne féin gur mithid dó stad dá obair & a scíth a leigint ar feadh scathaimh. Sin é go díreach an rud nár chóir dhúinn a dhéanamh i n-éan-chor. Tá mórán rudaí buaidhte againn go dtí so, acht de bharr síor- chruaidh-shaothair seadh do buadhadh iad. Stadaimís dár saothar anois & sin gach tairbhe dhíobh imthighthe i neamh-nídh orainn. Tá Connradh na Gaedhilge ag bailiughadh chuige ó'n gcéad lá a cuir- eadh ar bun é. Fuair sé a dhotháin de mholadh is de cháineadh leis. Níor stad riamh acht leanamhaint air. Dein- tear an cleas céadna anois. Lean- aimís orainn & tuillimís breis mholta. Is cuma linn moladh nó cáineadh ó's eol dúinn gur ar son Éireann atái- míd ag obair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services