Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Moladh

Title
Moladh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 02, 1904.



Moladh



Badh chóir go mbeadh móiréis ar
Chonnradh na Gaedhilge feasta, tar
éis a bhfuair de mholadh ó Uachtaránaibh
an Chreidimh Chaitlicidhe i Maigh Nuadhat
i gcaitheamh na seachtmhaine seo ghaibh
tharainn. Ní héan-rud beag suarach
moladh d'fhágháil ó dhuine mar an Doch-
túir Mag Fhlannchadha, Easbog na nAille
Finne. Mara mbeadh go bhfuil an moladh
tuillte is cóir a mheas ná fuighthí ó n-a
leithéid siúd é. Chíonn an duine uasal
so & mórán eile nach é an obair atá
gá déanamh ag Connradh na Gaedhilge
gach lá. Chíd siad gur obair thairbheach
d'Éirinn í, go bhfuil gábhadh léi & go
raghaidh i leas dúinn féin is dár dtír
dhúthchais.



Is gnáthach nuair a moltar duine go
gceapann sé ina aigne féin gur mithid
dó stad dá obair & a scíth a leigint
ar feadh scathaimh. Sin é go díreach
an rud nár chóir dhúinn a dhéanamh i
n-éan-chor. Tá mórán rudaí buaidhte
againn go dtí so, acht de bharr síor-
chruaidh-shaothair seadh do buadhadh iad.
Stadaimís dár saothar anois & sin
gach tairbhe dhíobh imthighthe i neamh-nídh
orainn. Tá Connradh na Gaedhilge ag
bailiughadh chuige ó'n gcéad lá a cuir-
eadh ar bun é. Fuair sé a dhotháin de
mholadh is de cháineadh leis. Níor
stad riamh acht leanamhaint air. Dein-
tear an cleas céadna anois. Lean-
aimís orainn & tuillimís breis mholta.
Is cuma linn moladh nó cáineadh ó's
eol dúinn gur ar son Éireann atái-
míd ag obair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services