Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Title
Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 25, 1904. Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Tamall ó shoin do thráchtamair beagán i dtaobh na Scoile Múinteoir- eachta a bheidh ar siubhal i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gcaitheamh an dá mhí seo chughainn. Níl baoghal ná go mbeidh scoláirí a ndóthain ag lucht stiúrtha na scoile chun í 'choimeád ar siubhal ar feadh an dá mhí. Roinnfear an téarma 'na dhá sheisoin, seiseon i gcomhair mhí an Iúil is seiseon i gcomhair mhí na Lughnasa. Is dóigh gur mhaith an rud é gan seiseon na Lughnasa a thosnughadh go dtí go mbeadh deireadh leis an Oireachtas. Ní fuláir nó beidh mórán daoine i gcás idir dhá chomhairle, ag iarraidh a dhéanamh amach pé aca b'fhearr dhóibh an tOireachtas a chailleamhaint is dul go Béal Átha an Ghaorthaidh, nó teacht ar an Oireachtas is cuid na seachtmhaine úd de thairbhe na scoile a chailleamhaint. Is cóir gan dearmhad a dhéanamh ortha so gur atharrughadh dáth an Oireacht- ais ar a son. Tá súil againn má tá eán-dul air, go bhféadfar Feargus Finnbhéil a choimeád i gcaitheamh an dá sheiseon. Do cuireadh do dhaoinibh cionnus badh chóir an Ghaedhilg a mhúineadh; cad iad na slighte múinteoireachta a b'fhearr chuige sin; & cionnus a fhéadfar úsáid a dhéanamh de na slightibh múinteoir- eachta úd. Sin í an fheidhm is mó a bheidh ar lucht stiúrtha na scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Sé Fear- gus féin an fear is fearr chun an ghnó so a dhéanamh. Tá táithighe aige ar an nGaedhilg a mhúineadh d'óg is d'aosta. Tá taithighe aige le bliadhantaibh ar gach slighe mhúinteoireachta. Tá súil againn ar an adhbhar soin go mbeidh sé ar a chumas cur fé i mBéal Átha an Ghaorthaidh ar feadh an dá sheiseon. Tá lucht stiúrtha Sparáin na Scil- linge i mBaile Átha Cliath chun beirt Mháighistí Gaedhilge a chur ag triall ar an scoil ar feadh seiseoin. Déinfear scrúdughadh ortha i mBaile Átha Cliath, & cuirfear an bheirt is fearr dhíobh chun na scoile. Is maith & is mór is ion- mholta an gníomh é seo. Badh cheart do gach coiste ceanntair i nÉirinn go bhfuil múinteoir Gaedhilge aca iarracht a thabhairt ar é 'chur go dtí an scoil ar feadh seiseoin an chuid is lugha dhe. Rud eile. B'fhéidir nár misde ainm fé leith a bheith ar an scoil. D'oirfeadh “Scoil Bharra” go maith do'n obair is do'n áit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services