Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Title
Scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meitheamh 25, 1904.



Scoil Bhéal Átha an
Ghaorthaidh.



Tamall ó shoin do thráchtamair
beagán i dtaobh na Scoile Múinteoir-
eachta a bheidh ar siubhal i mBéal Átha
an Ghaorthaidh i gcaitheamh an dá mhí
seo chughainn. Níl baoghal ná go
mbeidh scoláirí a ndóthain ag lucht
stiúrtha na scoile chun í 'choimeád ar
siubhal ar feadh an dá mhí. Roinnfear
an téarma 'na dhá sheisoin, seiseon i
gcomhair mhí an Iúil is seiseon i
gcomhair mhí na Lughnasa. Is dóigh gur
mhaith an rud é gan seiseon na
Lughnasa a thosnughadh go dtí go
mbeadh deireadh leis an Oireachtas.
Ní fuláir nó beidh mórán daoine i
gcás idir dhá chomhairle, ag iarraidh a
dhéanamh amach pé aca b'fhearr dhóibh
an tOireachtas a chailleamhaint is dul go
Béal Átha an Ghaorthaidh, nó teacht ar an
Oireachtas is cuid na seachtmhaine úd
de thairbhe na scoile a chailleamhaint.
Is cóir gan dearmhad a dhéanamh ortha
so gur atharrughadh dáth an Oireacht-
ais ar a son.



Tá súil againn má tá eán-dul air,
go bhféadfar Feargus Finnbhéil a
choimeád i gcaitheamh an dá sheiseon.
Do cuireadh do dhaoinibh cionnus badh
chóir an Ghaedhilg a mhúineadh; cad iad
na slighte múinteoireachta a b'fhearr
chuige sin; & cionnus a fhéadfar úsáid
a dhéanamh de na slightibh múinteoir-
eachta úd. Sin í an fheidhm is mó a
bheidh ar lucht stiúrtha na scoile i
mBéal Átha an Ghaorthaidh. Sé Fear-
gus féin an fear is fearr chun an ghnó
so a dhéanamh. Tá táithighe aige ar an
nGaedhilg a mhúineadh d'óg is d'aosta.
Tá taithighe aige le bliadhantaibh ar
gach slighe mhúinteoireachta. Tá súil
againn ar an adhbhar soin go mbeidh sé
ar a chumas cur fé i mBéal Átha an
Ghaorthaidh ar feadh an dá sheiseon.



Tá lucht stiúrtha Sparáin na Scil-
linge i mBaile Átha Cliath chun beirt
Mháighistí Gaedhilge a chur ag triall
ar an scoil ar feadh seiseoin. Déinfear
scrúdughadh ortha i mBaile Átha Cliath,
& cuirfear an bheirt is fearr dhíobh chun
na scoile. Is maith & is mór is ion-
mholta an gníomh é seo. Badh cheart
do gach coiste ceanntair i nÉirinn
go bhfuil múinteoir Gaedhilge aca
iarracht a thabhairt ar é 'chur go dtí an
scoil ar feadh seiseoin an chuid is lugha
dhe.



Rud eile. B'fhéidir nár misde
ainm fé leith a bheith ar an scoil.
D'oirfeadh “Scoil Bharra” go maith
do'n obair is do'n áit.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services