Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéala ó Shasana Nua
Title
Scéala ó Shasana Nua
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 18, 1904. Scéala ó Shasana Nua. Do cuireadh i gcló timcheall coig- thigeas ó shoin i bpáipéar i Sasana Nua cunntas uathbhásach ar an ndroch- chás ina bhfuil daoine bochta agus go háirithe lucht oibre ins na Státaibh. “The New York World” is ainm do'n pháipéar so, & ceann de sna páipéaraibh is fearr is is mó creideamhaint i Sasana Nua is eadh é. Do réir an pháipéir seo do cuireadh le déidheannaighe chúig déag is trí fichid míle fear as obair ar na bóith- ribh iarainn amháin san dtír úd. Badh chóir dhúinn machtnamh go maith air seo. Is dóigh linne gur cathair mhór í Cathair Chorcaighe is go bhfuil sluagh mór daoine ina gcomhnaidhe innti. Acht féach anois gur cuireadh as obair d'éin-iarracht amháin thall an oiread fear is atá d'fhearaibh, de mhnáibh is de pháistíbh i gCathair Chorcaighe go léir. Agus ní hé sin an chuid is measa de'n scéal. Ní fuláir nó tá cúram éigin ar urmhór de sna míltibh fear úd. Cá mheid duine aca go bhfuil clann óg nó athair nó máthair nó deirbhshéaracha, ag braith ortha chun a gcothughadh? Cad é an gnó go bhfuighidh na mílte seo lámh a chur chuige anois? Cad do dhéanfaidh na daoine bochta atá ag braith ortha? Faighmís freagradh ar na ceisteannaibh seo ó sna daoinibh seo atá á thógaint 'na gceann dul go dtí Aimeirice i mbliadhna. Deir an páipéar céadna gur beag ealadha ná céird thall ná fuil fir is mná ag cailleamhaint oibre ó'n tseacht- mhain go céile. Do laghduigheadh ar phádh na muinntire a bhí ag obair do chumann mhór na cruaidhe, & do caith- eadh amach a lán aca leis. Is cuimhin le mórán de léightheóiríbh an CHLAIDHIMH an feall-imirt a dheineadh i leith cadáis tá tamall ó shoin ann. Do bhain soin geit as na milliúnaibh i Sasana Nua agus i Sean-Shasana leis. Do dúnadh mórán de sna tighthibh go raibh déantóis cadáis ar siubhal ionnta, & ins na tighthibh nár dhúnadh do b'éigin pádh an lucht oibre a ghiorradh. Sin mar atá an scéal aca thall i Sasana Nua. Ná mílte is na mílte daoine dá gcaitheamh as obair, toisc gan an obair a bheith ann le déanamh; iad ag siubhal na sráideanna ins na cathrachaibh móra idir oidhche is lá gan fágháil ar fhoithin ná ar bhéile bhídh aca. An anonn chucha so a bh'áil le hama- dánaibh bochta simplidhe ó Éirinn dul? Má's olc le breallán Éireannaigh an saoghal atá aige annso ina dtír féin, is seacht measa é an saoghal thall. Tá truagh do'n bhocht is do'n dreoil, tá grásta Dé, ar fagháil i bhfus; ní fachtar thall acht sainnt chun airgid, saoghal an bheithidhigh allta, & bás nár bh'fhearrde sinn trácht air. Dein-se machtnamh ar na rudaíbh seo, a dhuine go bhfuil fonn ort dul go dtí Aimeirice; smaoin go maith ortha & annsoin éirigh anonn ar do phriacail féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services