An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meitheamh 18, 1904.
Scéala ó Shasana Nua.
Do cuireadh i gcló timcheall coig-
thigeas ó shoin i bpáipéar i Sasana
Nua cunntas uathbhásach ar an ndroch-
chás ina bhfuil daoine bochta agus
go háirithe lucht oibre ins na
Státaibh. “The New York World”
is ainm do'n pháipéar so, & ceann de
sna páipéaraibh is fearr is is mó
creideamhaint i Sasana Nua is eadh é.
Do réir an pháipéir seo do cuireadh
le déidheannaighe chúig déag is trí
fichid míle fear as obair ar na bóith-
ribh iarainn amháin san dtír úd. Badh
chóir dhúinn machtnamh go maith air seo.
Is dóigh linne gur cathair mhór í Cathair
Chorcaighe is go bhfuil sluagh mór
daoine ina gcomhnaidhe innti. Acht
féach anois gur cuireadh as obair
d'éin-iarracht amháin thall an oiread
fear is atá d'fhearaibh, de mhnáibh is
de pháistíbh i gCathair Chorcaighe go
léir.
Agus ní hé sin an chuid is measa de'n
scéal. Ní fuláir nó tá cúram éigin
ar urmhór de sna míltibh fear úd. Cá
mheid duine aca go bhfuil clann óg
nó athair nó máthair nó deirbhshéaracha,
ag braith ortha chun a gcothughadh?
Cad é an gnó go bhfuighidh na mílte
seo lámh a chur chuige anois? Cad do
dhéanfaidh na daoine bochta atá ag
braith ortha? Faighmís freagradh ar
na ceisteannaibh seo ó sna daoinibh
seo atá á thógaint 'na gceann dul go
dtí Aimeirice i mbliadhna.
Deir an páipéar céadna gur beag
ealadha ná céird thall ná fuil fir is
mná ag cailleamhaint oibre ó'n tseacht-
mhain go céile. Do laghduigheadh ar
phádh na muinntire a bhí ag obair do
chumann mhór na cruaidhe, & do caith-
eadh amach a lán aca leis. Is cuimhin
le mórán de léightheóiríbh an CHLAIDHIMH
an feall-imirt a dheineadh i leith
cadáis tá tamall ó shoin ann. Do
bhain soin geit as na milliúnaibh i
Sasana Nua agus i Sean-Shasana leis.
Do dúnadh mórán de sna tighthibh go
raibh déantóis cadáis ar siubhal ionnta,
& ins na tighthibh nár dhúnadh do b'éigin
pádh an lucht oibre a ghiorradh.
Sin mar atá an scéal aca thall i
Sasana Nua. Ná mílte is na mílte
daoine dá gcaitheamh as obair, toisc
gan an obair a bheith ann le déanamh;
iad ag siubhal na sráideanna ins na
cathrachaibh móra idir oidhche is lá gan
fágháil ar fhoithin ná ar bhéile bhídh aca.
An anonn chucha so a bh'áil le hama-
dánaibh bochta simplidhe ó Éirinn dul?
Má's olc le breallán Éireannaigh an
saoghal atá aige annso ina dtír féin,
is seacht measa é an saoghal thall.
Tá truagh do'n bhocht is do'n dreoil,
tá grásta Dé, ar fagháil i bhfus; ní
fachtar thall acht sainnt chun airgid,
saoghal an bheithidhigh allta, & bás nár
bh'fhearrde sinn trácht air.
Dein-se machtnamh ar na rudaíbh seo,
a dhuine go bhfuil fonn ort dul go dtí
Aimeirice; smaoin go maith ortha &
annsoin éirigh anonn ar do phriacail
féin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11