Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Ullmhughadh
Title
Ag Ullmhughadh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 11, 1904. Ag Ullmhughadh Is gearr do réir chomharthaí na haim- sire go dtí ná beidh paróiste ná baile beag i nÉirinn gan feis á chur ar bun ann uair san mbliadhain. Is furaist a leithéid seo a dhéanamh ins na ceann- taraibh Gaedhealacha mar is ionnta-san is flúirsighe a gheibhtear an earradh a chothóchadh feis, sé sin daoine a labhrann is a scríobhann an Ghaedhilg. Acht is deacair feis i gcomhair Pharóiste nó Bhaile Mhóir a chur ar bun ins na dúithchíbh Gallda. Dá bhrígh sin ní hiongnadh linn feiseanna i gcomhair chonntaethe dá gcur ar bun i gCúige Laighean. Do thosnuigh Conntae Bhaile Átha Cliath an obair i mbliadhna. Do leana- dar Conntae na Midhe, Conntae Loch gCarmain, Conntae Chill Dara agus Conntae Chill Manntáin an deagh- shompla so, & beidh tuilleadh aca ann. Badh dheacair cur síos ar an maitheas is an tairbhe a dhéanfaidh gach mór- chruinniughadh dhíobh so ina gceanntar féin. Tiocfaidh breis suime san nGaedhilg i measc daoine nár áirigh bh'fhéidir focal Gaedhilge i gcaitheamh a saoghail riamh. Tiocfaidh flosc ortha chúichi, mar a déarfá. Ní féidir gan muinntir na gceann- tar nGallda so a mholadh do chionn an tsaothair a ghabhaid ar láimh ar son na Gaedhilge. Ní bhíonn ionnta acht daoine atá ag foghluim na Gaedhilge & féach an trioblóid go léir a chuirid ortha féin 'na léith. Dá mbeifidhe a leath-oiread i ndáiríribh ins na ceann- taraibh Gaedhealacha mar a mbeadh toradh foghanta ar shaothar dhuine, ní bheimís chomh mór soin chun deiridh is atáimíd do réir daoine. Ní fheadar an dtuigidh muinntir na gCeanntar nGaedhealach cionnus mar atá Éireannaigh na gCeanntar nGallda ag braith orra, ag féachaint chucha is ag glaodhach ortha chun teacht is teanga na nGaedheal a mhúineadh dhóibh arís. Má thuigeann muinntir na Gaedhilge soin is iongnadh linn, gan breis dá dhéanamh aca chun iad féin d'ullmhughadh i gcomhair na hoibre. Caithfidh muinn- tir na Gaedhilge brostughadh ortha féin. Is follus as na feiseannaibh seo a tinóladh i gCúige Laighean le déidheannaighe go bhfuil gábhadh le múintneoiríbh maithe Gaedhilge, & go mbeidh glaodhach feasta ortha ins na ceanntaraibh Gallda. Bídís muinn- tir na Gaedhilge ullamh. Tar éis na mbeart go léir is ar an muinntir go bhfuil an Ghaedhilg aca anois a thuitfidh an duadh a bhaineann le hÉire a dhéanamh Gaedhealach arís. Bídís-san ag ullmhughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services