Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ag Ullmhughadh

Teideal
Ag Ullmhughadh
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1904
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meitheamh 11, 1904.



Ag Ullmhughadh



Is gearr do réir chomharthaí na haim-
sire go dtí ná beidh paróiste ná baile
beag i nÉirinn gan feis á chur ar bun
ann uair san mbliadhain. Is furaist
a leithéid seo a dhéanamh ins na ceann-
taraibh Gaedhealacha mar is ionnta-san
is flúirsighe a gheibhtear an earradh a
chothóchadh feis, sé sin daoine a labhrann
is a scríobhann an Ghaedhilg. Acht is
deacair feis i gcomhair Pharóiste nó
Bhaile Mhóir a chur ar bun ins na
dúithchíbh Gallda. Dá bhrígh sin ní
hiongnadh linn feiseanna i gcomhair
chonntaethe dá gcur ar bun i gCúige
Laighean.



Do thosnuigh Conntae Bhaile Átha
Cliath an obair i mbliadhna. Do leana-
dar Conntae na Midhe, Conntae Loch
gCarmain, Conntae Chill Dara agus
Conntae Chill Manntáin an deagh-
shompla so, & beidh tuilleadh aca ann.
Badh dheacair cur síos ar an maitheas
is an tairbhe a dhéanfaidh gach mór-
chruinniughadh dhíobh so ina gceanntar
féin. Tiocfaidh breis suime san
nGaedhilg i measc daoine nár áirigh
bh'fhéidir focal Gaedhilge i gcaitheamh
a saoghail riamh. Tiocfaidh flosc ortha
chúichi, mar a déarfá.



Ní féidir gan muinntir na gceann-
tar nGallda so a mholadh do chionn an
tsaothair a ghabhaid ar láimh ar son na
Gaedhilge. Ní bhíonn ionnta acht
daoine atá ag foghluim na Gaedhilge
& féach an trioblóid go léir a chuirid
ortha féin 'na léith. Dá mbeifidhe a
leath-oiread i ndáiríribh ins na ceann-
taraibh Gaedhealacha mar a mbeadh
toradh foghanta ar shaothar dhuine, ní
bheimís chomh mór soin chun deiridh is
atáimíd do réir daoine.



Ní fheadar an dtuigidh muinntir na
gCeanntar nGaedhealach cionnus mar
atá Éireannaigh na gCeanntar nGallda
ag braith orra, ag féachaint chucha is
ag glaodhach ortha chun teacht is teanga
na nGaedheal a mhúineadh dhóibh arís.
Má thuigeann muinntir na Gaedhilge
soin is iongnadh linn, gan breis dá
dhéanamh aca chun iad féin d'ullmhughadh i
gcomhair na hoibre. Caithfidh muinn-
tir na Gaedhilge brostughadh ortha
féin. Is follus as na feiseannaibh
seo a tinóladh i gCúige Laighean le
déidheannaighe go bhfuil gábhadh le
múintneoiríbh maithe Gaedhilge, & go
mbeidh glaodhach feasta ortha ins na
ceanntaraibh Gallda. Bídís muinn-
tir na Gaedhilge ullamh. Tar éis na
mbeart go léir is ar an muinntir go
bhfuil an Ghaedhilg aca anois a thuitfidh
an duadh a bhaineann le hÉire a
dhéanamh Gaedhealach arís. Bídís-san
ag ullmhughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services