Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Béal Átha an Ghaorthaidh
Title
Béal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 04, 1904. Béal Átha an Ghaorthaidh Ní fada go mbeifear ag tosnughadh ar an ndeagh-obair i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Tá an coláiste ar bun go háirithe & níl uatha acht go raghadh scoláirí chucha. B'in obair mhaith a dheineadh ag Feis na Mumhan anuraidh. Tá súil againn, anois ó tá an chruadh- obair ag druidim 'n ngaobhar, ná beidh easbha mhisnigh ar an lucht stiuir. Ní dóigh linn féin go mbeidh éan- uireasbha scoláirí ortha. Tá daoine as gach áird ag cuimhneamh ar dhul go Béal Átha an Ghaorthaidh i mbliadhna chun a laetheannta saoire a chaitheamh ann is chun an oiread is is féidir leo de bhlas na Gaedhilge a phiocadh suas. Is maith an rud é sin. Badh mhaith linn go raghadh na sluaighte ag triall ar an scoil seo, is táimíd deimhnitheach dhe go mbeidh mórán ann. Acht ní hé siúd an fáth gur cuireadh an scoil ar bun. Scoil i gcomhair múinteoirí is eadh í. Go deimhin, ba mhithid scoil éigin dá saghas a beith againn. Tá múinteoirí Gaedhilge againn fá lathair ina lán d'áiteannaibh & dá bhfuighdís Éire air, ní fheádfaidís scoláirí maithe a dhéanamh, toisc gan slíghe oireamhnach múinteóireachta a bheith aca. Ní fuláir slighe mhúinteoireachta a mhúineadh do sna múinteoiríbh ar dtúis. Annsoin déanfaidh a dhá oiread oibre gan a leath-oiread duadh á leanmhaint. Is maith an tóghadh a dheineadh, Feargus Finnbhéil d'fhagháil i gcomhair na heal- adhan dona múinteoireachta a mhúineadh. Muna raghthaidhe thar sáile á iarraidh níor bh'fhéidir fear ní b'fhearr d'fhágháil. Tá súil againn leis ná déanfar dearmad ar na máighistríbh scoile. Táthar ag tosnughadh ar Oideachas dá theangan ins na sgoileannaibh náis- iúnta. Ní baoghal ná go gcaithfeadh mórán aca a laetheannta saoire i mBéal Átha an Ghaorthaidh dá mbéadh léigheachta áirithe ina gcomhair ar an gceist seo. Theastóchadh congnamh uatha, & is suarach is fiú dhóibh bheith á lorg i n-áiteannaibh eile, áiteanna 'nar dhóigh le duine gur chóir go bhfuighdís é. Má chuireann an coláiste an bhliadhain seo, an chéad bhliadhain, de go maith, ní bheidh baoghal air. Go n-éirghidh le Feargus is leis an Dochtúir Ó Dálaigh. Déanfaid-san a gcion féin ar éan-chuma, & chífear toradh a saothair ar fuid na hÉireann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services