Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Béal Átha an Ghaorthaidh

Title
Béal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meitheamh 04, 1904.



Béal Átha an Ghaorthaidh



Ní fada go mbeifear ag tosnughadh
ar an ndeagh-obair i mBéal Átha an
Ghaorthaidh. Tá an coláiste ar bun
go háirithe & níl uatha acht go raghadh
scoláirí chucha. B'in obair mhaith a
dheineadh ag Feis na Mumhan anuraidh.
Tá súil againn, anois ó tá an chruadh-
obair ag druidim 'n ngaobhar, ná
beidh easbha mhisnigh ar an lucht stiuir.
Ní dóigh linn féin go mbeidh éan-
uireasbha scoláirí ortha. Tá daoine
as gach áird ag cuimhneamh ar dhul go
Béal Átha an Ghaorthaidh i mbliadhna
chun a laetheannta saoire a chaitheamh
ann is chun an oiread is is féidir leo
de bhlas na Gaedhilge a phiocadh suas.



Is maith an rud é sin. Badh mhaith
linn go raghadh na sluaighte ag triall
ar an scoil seo, is táimíd deimhnitheach
dhe go mbeidh mórán ann. Acht ní hé
siúd an fáth gur cuireadh an scoil ar
bun. Scoil i gcomhair múinteoirí is
eadh í. Go deimhin, ba mhithid scoil
éigin dá saghas a beith againn. Tá
múinteoirí Gaedhilge againn fá lathair
ina lán d'áiteannaibh & dá bhfuighdís
Éire air, ní fheádfaidís scoláirí maithe
a dhéanamh, toisc gan slíghe oireamhnach
múinteóireachta a bheith aca. Ní fuláir
slighe mhúinteoireachta a mhúineadh do
sna múinteoiríbh ar dtúis. Annsoin
déanfaidh a dhá oiread oibre gan a
leath-oiread duadh á leanmhaint. Is
maith an tóghadh a dheineadh, Feargus
Finnbhéil d'fhagháil i gcomhair na heal-
adhan dona múinteoireachta a mhúineadh.
Muna raghthaidhe thar sáile á iarraidh
níor bh'fhéidir fear ní b'fhearr d'fhágháil.



Tá súil againn leis ná déanfar
dearmad ar na máighistríbh scoile.
Táthar ag tosnughadh ar Oideachas dá
theangan ins na sgoileannaibh náis-
iúnta. Ní baoghal ná go gcaithfeadh
mórán aca a laetheannta saoire i
mBéal Átha an Ghaorthaidh dá mbéadh
léigheachta áirithe ina gcomhair ar an
gceist seo. Theastóchadh congnamh
uatha, & is suarach is fiú dhóibh bheith á
lorg i n-áiteannaibh eile, áiteanna
'nar dhóigh le duine gur chóir go
bhfuighdís é.



Má chuireann an coláiste an
bhliadhain seo, an chéad bhliadhain, de
go maith, ní bheidh baoghal air. Go
n-éirghidh le Feargus is leis an Dochtúir
Ó Dálaigh. Déanfaid-san a gcion
féin ar éan-chuma, & chífear toradh a
saothair ar fuid na hÉireann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services