Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Coiste Úd
Title
An Coiste Úd
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 28, 1904. An Coiste Úd. Timcheall coigthigheas ó shoin do chuireamar síos ár smaointe féin ar cionnus badh chóir tosnughadh ar dhéan- tús a chur ar bun. Dubhramair gur cheart coiste a thoghadh i ngach craoibh de'n Chonnradh ná beidh de ghnó aca acht féachaint i ndiaidh déantúisí is cinn nua a chur ar bun; an coiste seo do chur a gcinn is a gcomhairle le chéile féachaint cad é an saghas déantúis is fearr d'oirfeadh dhá logán féin; muinntir na háite a thabhairt i bhfochair a chéile, chun a dtuairim is a gcongnamh d'iarraidh; fios an scéil a chur ag triall ar Bhord na Cuireadóireachta is an Oideachais Cheárdamhla i mBaile Átha Cliath, is a gcongnamh 's a gcomhairle soin a lorg. Tá súil againn go ndéanfar rud orainn ins na ceanntaraibh Gaedh- ealacha go háirithe. Gnó mall is eadh é seo, acht deir an sean-fhocal gur minic a bhí cú mall subháilceach. Is iomdha deagh-obair eile d'fhéadfadh coiste beag de'n tsórd so a dhéanamh dá gcuirtí ar bun é. D'fhéadfadh sé féachaint i ndiaidh siopaí an cheanntair. Is minic ná faghann déantúisí na hÉireann cóir na ceart ó hucstaer- ithibh na tuaithe. Is cuma leis an dream úd cad iad ná hearraidhe a dhíolaid nó cár dheineadh iad. Do dhaorfadh urmhór aca déantús Gaedh- ealach ar fheorling sa phunt. Badh cheart ciall a mhúineadh dóibh seo is do'n mhuinntir a thaithigheann iad, mar is de bhárr trácht na ndaoine seo atá greim ag an eachtrannach ar mhargaidhibh na hÉireann. Badh mhaith an rud é, léigheacht nó díospóireacht éigin ag tagairt do dhéantúisíbh a chur ar bun i ngach craoibh, fé chúram coiste na ndéan- túisí, uair sa mhí nó níosa minice má's féidir é. Bíodh cead ag gach éinne teacht ann is labhairt is éisteacht. Sid é an cuma is fearr chun eolas a mhúineadh do'n tsluagh choitcheanta. Ní deacair daoine fhágháil chun óráid a thabhairt uatha nó chun aiste fóghanta tairbheach a léigheamh ar cheist éigin ag baint leis an gcúis seo. Obair eile a thiocfadh fé chúram an choiste úd 'seadh taispeánadh beag a chur ar bun i dteannta na bhFeis- eanna a thionólfar is gach páirt de'n tír i ruith an tSamhraidh 's an Fhóghmhair. Níor ghábhadh a chur ar taispeánt acht na hearraidhe atá dhá ndéanamh san gceanntar féin. Badh chóir do gach nídh a chuirtear ar taispeáint a bheith go piocaithe taidhbhseach, gan breis toirt is fós gan suarachas. Is minic a loitear earradh bhreagh láidir Ghaedh- ealach tríd an gcuma liobarnach 'na gcurtar ar díol is ar taispeáint í. Theastóchadh ceacht nó dhó ó dhaoinibh áirithe ar cionnus earraidhe a dhéanamh suas go taidhbhseach fáiscithe. B'fhéidir nár mhisde tosnughadh láithreach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services