Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Coiste Úd

Title
An Coiste Úd
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Bealtaine 28, 1904.



An Coiste Úd.



Timcheall coigthigheas ó shoin do
chuireamar síos ár smaointe féin ar
cionnus badh chóir tosnughadh ar dhéan-
tús a chur ar bun. Dubhramair gur
cheart coiste a thoghadh i ngach craoibh
de'n Chonnradh ná beidh de ghnó aca
acht féachaint i ndiaidh déantúisí is
cinn nua a chur ar bun; an coiste seo
do chur a gcinn is a gcomhairle le
chéile féachaint cad é an saghas
déantúis is fearr d'oirfeadh dhá
logán féin; muinntir na háite a
thabhairt i bhfochair a chéile, chun a
dtuairim is a gcongnamh d'iarraidh;
fios an scéil a chur ag triall ar Bhord
na Cuireadóireachta is an Oideachais
Cheárdamhla i mBaile Átha Cliath, is a
gcongnamh 's a gcomhairle soin a
lorg. Tá súil againn go ndéanfar
rud orainn ins na ceanntaraibh Gaedh-
ealacha go háirithe. Gnó mall is eadh
é seo, acht deir an sean-fhocal gur
minic a bhí cú mall subháilceach.



Is iomdha deagh-obair eile d'fhéadfadh
coiste beag de'n tsórd so a dhéanamh
dá gcuirtí ar bun é. D'fhéadfadh sé
féachaint i ndiaidh siopaí an cheanntair.
Is minic ná faghann déantúisí na
hÉireann cóir na ceart ó hucstaer-
ithibh na tuaithe. Is cuma leis an
dream úd cad iad ná hearraidhe a
dhíolaid nó cár dheineadh iad. Do
dhaorfadh urmhór aca déantús Gaedh-
ealach ar fheorling sa phunt. Badh
cheart ciall a mhúineadh dóibh seo is
do'n mhuinntir a thaithigheann iad, mar
is de bhárr trácht na ndaoine
seo atá greim ag an eachtrannach
ar mhargaidhibh na hÉireann.



Badh mhaith an rud é, léigheacht nó
díospóireacht éigin ag tagairt do
dhéantúisíbh a chur ar bun i ngach
craoibh, fé chúram coiste na ndéan-
túisí, uair sa mhí nó níosa minice má's
féidir é. Bíodh cead ag gach éinne
teacht ann is labhairt is éisteacht.
Sid é an cuma is fearr chun eolas a
mhúineadh do'n tsluagh choitcheanta.
Ní deacair daoine fhágháil chun óráid
a thabhairt uatha nó chun aiste fóghanta
tairbheach a léigheamh ar cheist éigin ag
baint leis an gcúis seo.



Obair eile a thiocfadh fé chúram an
choiste úd 'seadh taispeánadh beag
a chur ar bun i dteannta na bhFeis-
eanna a thionólfar is gach páirt de'n
tír i ruith an tSamhraidh 's an Fhóghmhair.
Níor ghábhadh a chur ar taispeánt acht
na hearraidhe atá dhá ndéanamh san
gceanntar féin. Badh chóir do gach
nídh a chuirtear ar taispeáint a bheith
go piocaithe taidhbhseach, gan breis toirt
is fós gan suarachas. Is minic a
loitear earradh bhreagh láidir Ghaedh-
ealach tríd an gcuma liobarnach 'na
gcurtar ar díol is ar taispeáint í.
Theastóchadh ceacht nó dhó ó dhaoinibh
áirithe ar cionnus earraidhe a dhéanamh
suas go taidhbhseach fáiscithe. B'fhéidir
nár mhisde tosnughadh láithreach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services