Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuidigheam le Chéile
Title
Cuidigheam le Chéile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 21, 1904. Cuidigheam le Chéile. Is sean-fhocal é go gcuidigheann Dia leis an dream a chuidigheann leo féin. Mar adubhairt an file “Buadh- fam an báire acht bheith páirteach le chéile.” Is é an rud is mó a ghoilleann ar dhuine, ag léigheamh staire na hÉireann dó, ná an mí-ádh a thagadh ar gach deagh-obair dar cuireadh ar siubhal i nÉirinn riamh tré easbhaidh aondachta is chomh-bhráithreachais. Tá eagla orainn ná fuilimíd réidh leis an mí-ádh gcéadna so fós. Badh chóir gur mithid stad a chur leis sin go háirithe. Tá gábhadh le comh-bhráith- reachas, le foidhne is le fad-fhulang anois thar mar a bhí riamh. Tá náisiún- tacht na hÉireann 'na seasamh ar bhruach an duibheagáin ná fuil bun leis. Tugtar sáthadh ar gcúl di & sin imthighthe uainn go bráth ár dteanga is ár nósanna is gach nídh b'fhiú áireamh a bhaineann linn. Tugtar sáthadh ar aghaidh di is tiomáinfidh sí léi ag bailiughadh nirt is comhachta go dtí i ndeireadh na dála go mbáithfear innti clis & nósanna iasachta. Cad a thabharfadh an sáthadh so ar cúl di? Easbhaidh aondachta & lag- mhisneach. Léightear stair na hÉireann is chífear soin go soiléir. Ó, a mhuinntir na hÉireann léighidh stair na ceachtanna a mhúinfidh dhíbh. Bídh foidhneach le chéile. Gabhadh sprid na comh-pháirteachta is an chomh-bhráithreach- ais seilbh bhur gcroidhthe. Bíodh sé mar phríomh-dhualgas oraibh fóghnamh d'Éireann, cruadh-shaothar is peannaid d'fhulaing go foidhneach 'na leith; gan toradh a chur ar ghuth chnáimhseálaidhe; & gach comhachta aigne a chur ag déanamh maitheasa d'bhur dtír féin. Sprid de'n tsórt so is eadh déanfaidh náisiúntacht. Badh mhaith linn an sprid seo a bheith coitcheannta i measc muinntire na Gaedhilge, is í a chuirfidh an Ghaedhilg i dtaithighe is do chabhróchaidh le déan- túisíbh is le nósannaibh duthchais na tíre seo. Má tá an croidhe i gceart beidh a rian ar gach ball de'n chorp. Cruthuighmís croidhe folláin ionnainn féin i dtaobh na náisiúntachta so & ní bheidh baoghal ar ár dteangain ná ar ár nósannaibh ná ar ár ndéantúisíbh. Fúinn féin atá an obair go léir. Ní fuláir oibriughadh ar ár ngustal is ar ár n-aigne féin. Cuidigheann Dia leis an dream a chuidigheann leo féin. Cuidigheam le chéile, & le congnamh Dé tiocfaidh gach nídh chun cinn 'na cheart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services