Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuidigheam le Chéile

Title
Cuidigheam le Chéile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Bealtaine 21, 1904.



Cuidigheam le Chéile.



Is sean-fhocal é go gcuidigheann Dia
leis an dream a chuidigheann leo
féin. Mar adubhairt an file “Buadh-
fam an báire acht bheith páirteach le
chéile.” Is é an rud is mó a ghoilleann
ar dhuine, ag léigheamh staire na
hÉireann dó, ná an mí-ádh a thagadh ar
gach deagh-obair dar cuireadh ar
siubhal i nÉirinn riamh tré easbhaidh
aondachta is chomh-bhráithreachais. Tá
eagla orainn ná fuilimíd réidh leis an
mí-ádh gcéadna so fós. Badh chóir
gur mithid stad a chur leis sin go
háirithe. Tá gábhadh le comh-bhráith-
reachas, le foidhne is le fad-fhulang
anois thar mar a bhí riamh. Tá náisiún-
tacht na hÉireann 'na seasamh ar
bhruach an duibheagáin ná fuil bun leis.
Tugtar sáthadh ar gcúl di & sin
imthighthe uainn go bráth ár dteanga is
ár nósanna is gach nídh b'fhiú áireamh a
bhaineann linn. Tugtar sáthadh ar
aghaidh di is tiomáinfidh sí léi ag
bailiughadh nirt is comhachta go dtí i
ndeireadh na dála go mbáithfear innti
clis & nósanna iasachta.



Cad a thabharfadh an sáthadh so ar
cúl di? Easbhaidh aondachta & lag-
mhisneach. Léightear stair na hÉireann
is chífear soin go soiléir. Ó, a
mhuinntir na hÉireann léighidh stair
na ceachtanna a mhúinfidh dhíbh. Bídh
foidhneach le chéile. Gabhadh sprid na
comh-pháirteachta is an chomh-bhráithreach-
ais seilbh bhur gcroidhthe. Bíodh sé
mar phríomh-dhualgas oraibh fóghnamh
d'Éireann, cruadh-shaothar is peannaid
d'fhulaing go foidhneach 'na leith; gan
toradh a chur ar ghuth chnáimhseálaidhe;
& gach comhachta aigne a chur ag
déanamh maitheasa d'bhur dtír féin.
Sprid de'n tsórt so is eadh déanfaidh
náisiúntacht.



Badh mhaith linn an sprid seo a bheith
coitcheannta i measc muinntire na
Gaedhilge, is í a chuirfidh an Ghaedhilg
i dtaithighe is do chabhróchaidh le déan-
túisíbh is le nósannaibh duthchais na
tíre seo. Má tá an croidhe i gceart
beidh a rian ar gach ball de'n chorp.
Cruthuighmís croidhe folláin ionnainn
féin i dtaobh na náisiúntachta so & ní
bheidh baoghal ar ár dteangain ná ar ár
nósannaibh ná ar ár ndéantúisíbh. Fúinn
féin atá an obair go léir. Ní fuláir
oibriughadh ar ár ngustal is ar ár
n-aigne féin. Cuidigheann Dia leis
an dream a chuidigheann leo féin.
Cuidigheam le chéile, & le congnamh
Dé tiocfaidh gach nídh chun cinn 'na
cheart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services