Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Foclóir na Gaedhilge
Title
Foclóir na Gaedhilge
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Foclóir na Gaedhilge Beidh foclóir Gaedhilge an Athar Pádraig ullamh i gcómhair an Fhóghmhair, beidh sé i gcló fé dheireadh an Mheithimh & fé chlúdach ar theacht an Oireacht- ais. Beidh an Árd-Fheis chúig ráithche gan theacht i gceann a chéile fé'n am sin. Ó aimsir na hÁrd-Fheise anuiridh tá cúrsaidhe na Gaedhilge curtha go mór chun cinn; tá Cómhacht- óiridhe an Oideachais mínighthe, tá múinteóiridhe na tíre gríosuighte, & tá mór-chuid de mhuinntir na tíre dúisighthe, brostuighthe ag an gConnradh. Dá bhrígh seo is iomdha adhbhar áthais a bheidh ag an Árd-Fheis nuair thiocfaidh lucht cosanta na Gaedhilge i bhfochair a chéile arís. Agus cé gur annamh a dheintear machtnamh air ní córa áthas do bheith ortha i dtaobh éinnidhe eile ná de bharr an fhoclóra. Ní amháin go gcuirfidh an foclóir seo i gcumas na mac léighinn litridheacht an lae 'ndiu do léigheamh & do thuigsint, cuirfidh sé i gcumas dóibh an teanga do scríobhadh go cruinn chomh maith céadna. Níl aon eolas a theastóchaidh ó'n scríobhnóir óg ná beidh le fagháil ann. Beidh inscne & diochlaonadh na n-ainmneacha agus na n-aiceadach ann go háiseamhail, mín- iughadh na gcorr cainnte & an bhrígh áirithe tá le foclaibh tearca i ngach áit i nÉirinn. Beidh gach eolas ann gur féidir a chruinniughadh isteach i leabhar dá leithéid. Ní hiongnadh so. Gan bac leis an gcleachtadh do bhí ag an eagarthóir ó thúis ar a theangain duthchais & ar gach corr cainnte & comhghar cainnte bhaineann léi, níl leabhar ná irisleabhar ná páipéar dár cuireadh i gcló le leath-chéad bliadhan ná fuil scrúduighthe go géar mion aige, níl foclóir dár scríobhadh riamh — agus scríobhadh foclóir maith nó dhó nár cuiradh i gcló fós — ná fuil curtha i gcomórtas le chéile aige ó'n lá thosnuigh sé ar an obair trí bliadhna ó shoin. Ba throm an obair do chuir sé roimis féin an lá úd. Ceapadh ar dtúis gur neimh-nídh foclóir Gaedhilge do chur i n-eagar: is fearr a thuigtear brígh an scéil anois, cé gur beag congamh le fagháil fós ó'n bpobal má thuigeann siad é. Tá deichneabhar éigint Gaedheal ar fuid na dúithche ag cuid- iughadh leis an obair do réir mar innistear dúinn, acht is beag le rádh an congnamh so. Is maith an rud gan amhras a gcomhairle do bheith ar fagháil ag an bhfear eagair, acht, nídh nach iongnadh, is gearr le dul ar an leabhar go léir a saothar súd ann féin. Tá sé ráidhte gur bh'é chur iachall ar an Athair Pádraig leabhair Gaedhilge do scríobhadh ar dtúis na an masladh do thug piaráitidhe Cholláiste Eibhlís ar litridheacht na nGaedheal agus an iarracht do thugadar fé Chonnradh na Gaedhilge do cháineadh 'dtaobh easbadh leabhar do bheith ortha. Ba ghearr an mhoill ar ughdar “Chormaic Uí Chonaill” cosc do chur le n-a gcainnt ámthach. Mar a chéile bhí lucht léighte na Gaedhilge ag gearán nuair ná raibh foclóir maith le fágháil aca. Níor bh'iongnadh so leis. Acht daoine bhíonn ag gearán mar seo ba chóir dóibh congnamh do thabhairt uatha do réir a gcumais. Cúram na hÉireann go léir, agus ní cúram duine ná cúram buidhne, foclóir Gaedhilge do sholathairt. Is léir gur beag cúram chuir sé ar an sluagh go háirithe. Tá sé ullamh anois ámhthach, nó geall leis do ar aon chuma, agus is cóir dúinn go léir bheith buidheach do'n té d'ullmhuigh nach mór as a láimh féin é. Beidh suas le hocht gcéad leathnach ann ar fad, agus, cé go ndíolfar ar seacht is rael é, beidh luach ginidhe de leabhar go maith ann. Dá réir seo ní gábhadh d'éinne bheith 'na éagmuis. Bíodh a bhuidheachas so ar dhuthracht agus ar chlisteacht agus ar shaothar an fhir eagair do chrom ar an obair agus do chlaoidh leis an fhaid is bhí mórán eile ag gearán agus ag faire ó'n gcloidhe. Seán Ó Ceallaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services