Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foclóir na Gaedhilge

Title
Foclóir na Gaedhilge
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Foclóir na Gaedhilge



Beidh foclóir Gaedhilge an Athar
Pádraig ullamh i gcómhair an Fhóghmhair,
beidh sé i gcló fé dheireadh an Mheithimh
& fé chlúdach ar theacht an Oireacht-
ais. Beidh an Árd-Fheis chúig
ráithche gan theacht i gceann a chéile
fé'n am sin. Ó aimsir na hÁrd-Fheise
anuiridh tá cúrsaidhe na Gaedhilge
curtha go mór chun cinn; tá Cómhacht-
óiridhe an Oideachais mínighthe, tá
múinteóiridhe na tíre gríosuighte, &
tá mór-chuid de mhuinntir na tíre
dúisighthe, brostuighthe ag an gConnradh.
Dá bhrígh seo is iomdha adhbhar áthais a
bheidh ag an Árd-Fheis nuair thiocfaidh
lucht cosanta na Gaedhilge i bhfochair
a chéile arís. Agus cé gur annamh a
dheintear machtnamh air ní córa áthas
do bheith ortha i dtaobh éinnidhe eile ná
de bharr an fhoclóra. Ní amháin go
gcuirfidh an foclóir seo i gcumas na
mac léighinn litridheacht an lae 'ndiu
do léigheamh & do thuigsint, cuirfidh sé
i gcumas dóibh an teanga do scríobhadh
go cruinn chomh maith céadna. Níl aon
eolas a theastóchaidh ó'n scríobhnóir óg
ná beidh le fagháil ann. Beidh inscne
& diochlaonadh na n-ainmneacha agus na
n-aiceadach ann go háiseamhail, mín-
iughadh na gcorr cainnte & an bhrígh
áirithe tá le foclaibh tearca i ngach
áit i nÉirinn. Beidh gach eolas ann
gur féidir a chruinniughadh isteach i
leabhar dá leithéid. Ní hiongnadh so.
Gan bac leis an gcleachtadh do bhí ag
an eagarthóir ó thúis ar a theangain
duthchais & ar gach corr cainnte &
comhghar cainnte bhaineann léi, níl
leabhar ná irisleabhar ná páipéar dár
cuireadh i gcló le leath-chéad bliadhan
ná fuil scrúduighthe go géar mion
aige, níl foclóir dár scríobhadh riamh —
agus scríobhadh foclóir maith nó dhó
nár cuiradh i gcló fós — ná fuil
curtha i gcomórtas le chéile aige ó'n
lá thosnuigh sé ar an obair trí
bliadhna ó shoin. Ba throm an obair
do chuir sé roimis féin an lá úd.
Ceapadh ar dtúis gur neimh-nídh
foclóir Gaedhilge do chur i n-eagar:
is fearr a thuigtear brígh an scéil
anois, cé gur beag congamh le
fagháil fós ó'n bpobal má thuigeann
siad é. Tá deichneabhar éigint
Gaedheal ar fuid na dúithche ag cuid-
iughadh leis an obair do réir mar
innistear dúinn, acht is beag le rádh
an congnamh so. Is maith an rud gan
amhras a gcomhairle do bheith ar
fagháil ag an bhfear eagair, acht, nídh
nach iongnadh, is gearr le dul ar an
leabhar go léir a saothar súd ann
féin.



Tá sé ráidhte gur bh'é chur iachall ar
an Athair Pádraig leabhair Gaedhilge
do scríobhadh ar dtúis na an masladh do
thug piaráitidhe Cholláiste Eibhlís ar
litridheacht na nGaedheal agus an
iarracht do thugadar fé Chonnradh na
Gaedhilge do cháineadh 'dtaobh easbadh
leabhar do bheith ortha. Ba ghearr an
mhoill ar ughdar “Chormaic Uí Chonaill”
cosc do chur le n-a gcainnt ámthach.
Mar a chéile bhí lucht léighte na
Gaedhilge ag gearán nuair ná
raibh foclóir maith le fágháil aca.
Níor bh'iongnadh so leis. Acht daoine
bhíonn ag gearán mar seo ba chóir
dóibh congnamh do thabhairt uatha do
réir a gcumais. Cúram na hÉireann
go léir, agus ní cúram duine ná
cúram buidhne, foclóir Gaedhilge do
sholathairt. Is léir gur beag cúram
chuir sé ar an sluagh go háirithe. Tá
sé ullamh anois ámhthach, nó geall leis
do ar aon chuma, agus is cóir dúinn
go léir bheith buidheach do'n té
d'ullmhuigh nach mór as a láimh féin é.
Beidh suas le hocht gcéad leathnach
ann ar fad, agus, cé go ndíolfar
ar seacht is rael é, beidh luach ginidhe
de leabhar go maith ann. Dá réir
seo ní gábhadh d'éinne bheith 'na
éagmuis. Bíodh a bhuidheachas so ar
dhuthracht agus ar chlisteacht agus ar
shaothar an fhir eagair do chrom ar an
obair agus do chlaoidh leis an fhaid is
bhí mórán eile ag gearán agus ag
faire ó'n gcloidhe.



Seán Ó Ceallaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services