Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Athchuinge ár Máthar
Title
Athchuinge ár Máthar
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 07, 1904. ATHCHUINGE ÁR MÁTHAR An tseachtmhain seo ghabh tharainn do thugamair mar chomhairle uainn do chraobhachaibh an Chonnartha coistí beaga a chur ar bun i gcomhair aire thabhairt do dhéantúisíbh na hÉireann, is chun féachaint caidé an tslighe a b'fhearr a gceannach a mhéadughadh ar fuid na tíre. Do labhramair leis ar dhéan- túisíbh cois teineadh; dubhramair gur chóir go bhféadfadh Connradh na Gaedh- ilge mórán a dhéanamh i leith déan- túisí de'n tsórd so a chur ar siubhal ar fuid na tíre. I rith an gheimhridh nuair a bhíonn an aimsir fliuch fuar, & na hoidhcheannta fada ann, bíonn daoine breac-dhíomhaoin. Ist ló féin is minic nach féidir éin-nídh a dhéanamh leathsmuigh. Nár mhaith an rud é dá mbeadh déantús éigin ar siubhal go bhféadfadh buachaillí óga iompáil air muna mbeadh an aimsir oireamhnach chun obair a dhéanamh leathsmuigh? Bíd na buachaillí óga díomhaoin, & is as an dimhaointas so d'fháann go minic droch-chomhluadar, taithighe tighthe droch- nósanna, nó is gearr go n-éirighid leo thar sáile. Is iomdha áit i nÉirinn gurab é sin an gnáth-scéal aca ann indiu. Is iomdha fear atá thall go mb'fhearr leis 'ná rud maith bheith i bhfus. Tá sé riachtanach ar gach craoibh de'n Chonnradh a cion fein a dhéanamh chun na buachaillí óga so — & cailíní óga leis — a choimeád i nÉirinn. Tá ár máthair Éire ag glaodhach is ag ath- chuingidhe orainn chun stad a chur leo. Chíonn sí ó'n tseachtmhain go chéile bláth- scot a cloinne á tréigean, gá mbronnadh féin ar thíorthaibh iasachta, is gá fágaint-se go tréith. Éistidh le n-a guth brónach, a mhuinntir na Gaedh- ilge, & annsoin taispeántar dúinn an fear nó an bhuidhean ná déanfaidh rud uirthi. Ní fhanfaidh na buachaillí óga is na cailíní óga i nÉirinn go dtí go dtioc- faidh feabhas ar an saoghal i nÉirinn, go mbeidh sé ar a gcumas breis airgid a thuilleamh, & maireachtaint níosa chompórdamhla. Nuair a bheidh soin amhlaidh stadfar de'n imtheacht thar sáile. Nár chóir gur b'in é an chéad rud gur cheart féachaint chuige. Cuir- tear ar bun rudaí a chuirfidh na daoine ag tuilleamh ar chuma go mbeidh rud éigin de bharr a saothair aca, & is gearr go bhfeicfid nach fearr dhóibh Éire d'fhágaint. Is dóigh linn féin gur fearr d'fhóirfeadh déantúisí fé iad an tighe dhó so 'na éan-rud eile. Is iad is fearr i gcomhair na gceanntar nGaedhealach go háirithe. Ná féadfadh craobhacha Chonnartha na Gaedhilge ins na ceanntaraibh seo tosnughadh anois féin? Is fearrde duine culaidh fhogh- anta éadaigh a bheith air is scilling 'na spagadh. Agus chomh luath is is féidir leis iad d'fhágháil i nÉirinn ní baoghal go raghaidh thar sáile á n-iarraidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services