Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Athchuinge ár Máthar

Title
Athchuinge ár Máthar
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Bealtaine 07, 1904.



ATHCHUINGE ÁR MÁTHAR



An tseachtmhain seo ghabh tharainn do
thugamair mar chomhairle uainn do
chraobhachaibh an Chonnartha coistí beaga
a chur ar bun i gcomhair aire thabhairt
do dhéantúisíbh na hÉireann, is chun
féachaint caidé an tslighe a b'fhearr a
gceannach a mhéadughadh ar fuid na
tíre. Do labhramair leis ar dhéan-
túisíbh cois teineadh; dubhramair gur
chóir go bhféadfadh Connradh na Gaedh-
ilge mórán a dhéanamh i leith déan-
túisí de'n tsórd so a chur ar siubhal
ar fuid na tíre. I rith an gheimhridh
nuair a bhíonn an aimsir fliuch fuar,
& na hoidhcheannta fada ann, bíonn
daoine breac-dhíomhaoin. Ist ló féin
is minic nach féidir éin-nídh a dhéanamh
leathsmuigh. Nár mhaith an rud é dá
mbeadh déantús éigin ar siubhal go
bhféadfadh buachaillí óga iompáil air
muna mbeadh an aimsir oireamhnach
chun obair a dhéanamh leathsmuigh? Bíd
na buachaillí óga díomhaoin, & is as an
dimhaointas so d'fháann go minic
droch-chomhluadar, taithighe tighthe droch-
nósanna, nó is gearr go n-éirighid
leo thar sáile. Is iomdha áit i nÉirinn
gurab é sin an gnáth-scéal aca ann
indiu. Is iomdha fear atá thall go
mb'fhearr leis 'ná rud maith bheith i
bhfus.



Tá sé riachtanach ar gach craoibh de'n
Chonnradh a cion fein a dhéanamh chun
na buachaillí óga so — & cailíní óga
leis — a choimeád i nÉirinn. Tá ár
máthair Éire ag glaodhach is ag ath-
chuingidhe orainn chun stad a chur leo.
Chíonn sí ó'n tseachtmhain go chéile bláth-
scot a cloinne á tréigean, gá
mbronnadh féin ar thíorthaibh iasachta,
is gá fágaint-se go tréith. Éistidh le
n-a guth brónach, a mhuinntir na Gaedh-
ilge, & annsoin taispeántar dúinn an
fear nó an bhuidhean ná déanfaidh rud
uirthi.



Ní fhanfaidh na buachaillí óga is na
cailíní óga i nÉirinn go dtí go dtioc-
faidh feabhas ar an saoghal i nÉirinn,
go mbeidh sé ar a gcumas breis airgid
a thuilleamh, & maireachtaint níosa
chompórdamhla. Nuair a bheidh soin
amhlaidh stadfar de'n imtheacht thar
sáile. Nár chóir gur b'in é an chéad
rud gur cheart féachaint chuige. Cuir-
tear ar bun rudaí a chuirfidh na daoine
ag tuilleamh ar chuma go mbeidh rud
éigin de bharr a saothair aca, & is
gearr go bhfeicfid nach fearr dhóibh
Éire d'fhágaint. Is dóigh linn féin
gur fearr d'fhóirfeadh déantúisí fé
iad an tighe dhó so 'na éan-rud eile. Is
iad is fearr i gcomhair na gceanntar
nGaedhealach go háirithe. Ná féadfadh
craobhacha Chonnartha na Gaedhilge ins
na ceanntaraibh seo tosnughadh anois
féin? Is fearrde duine culaidh fhogh-
anta éadaigh a bheith air is scilling
'na spagadh. Agus chomh luath is is
féidir leis iad d'fhágháil i nÉirinn
ní baoghal go raghaidh thar sáile á
n-iarraidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services