Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí na hÉireann
Title
Déantúisí na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 30, 1904. Déantúisí na hÉireann Ag tagairt do dhéantúisíbh bhí sé de dhánaidheacht i nduine áirithe an lá fá dheireadh a rádh gur beag an chabhair a thugaid muinntir Chonnartha na Gaedhilge do dhéantúisíbh na hÉireann. Acht deirimíd-ne leis an duine áirithe úd & deirimíd go dána leis é “nár chan sé an fhírinne.” Bíonn gach éinne ag moladh déantúisí an hÉireann anois, & á rádh gur chóir chabhrughadh leo. Acht cia thosnuigh an gleo 'na dtaobh? Cia adhain an teine ar dtúis? Muinn- tir Chonnartha na Gaedhilge gan amhras. Agus 'na theannta soin níl éan-duine a bhaineann ó chroidhe leis an gConnradh ná deineann a dhícheall ar son déantúisí na hÉireann. Ní fhéadfadh éan-duine ná éan-aicme daoine níos mó a dhéanamh. Ar an adbhar soin ná cloisimís a thuilleadh cnáimhseála ar mhuinntir an Gaedhilge 'um an gceist sin. Acht d'fhéadfadh craobhacha an Chonn- artha mórán eile a dhéanamh i leith déantúisí beaga nó déantúisí cois teineadh a chur ar bun ina gceanntair féin. Ní tighthe móra déantúisí na simnéithe árda a theastuigheann uainn annso i nÉirinn acht déantúisí beaga a chur ar bun i measc na ndaoine, déantúisí a thabharfadh obair do'n óg chomh maith leis an gcríona & a choimeád- faidh as a gcinn smaointe ar imtheacht thar sáile. Sin iad na déantúisí d'oirfeadh dúinn & do dhéanfadh maitheas dhúinn féin is dár dtír dhúthchais. Agus rud eile theastóchadh mórán airgid ó dhaoinibh chun déan- túisí móra a chur ar bun. Is baoghalach linn ná fuil an earradh soin ró- fhlúirseach i measc muinntir Chonnartha na Gaedhilge. Acht ar an dtaobh eile dhe, ní chosnóchadh sé an iomad airgid chun ceann éigin de sna déantúisíbh seo cois teineadh a chur ar bun & do choimeád ar siubal. Dhéanfadh beagán ó gach éinne an gnó, & féach cad é an tairbhe is féidir d'fhágháil as. Badh chóir dá bhrígh sin go mbeadh fuireann áirithe i ngach craoibh de'n Chonnradh chun féachaint i ndiaidh déantúisí. Déan- fadh seisear nó móirsheisear an gnó; d'fhéadfaidís teacht i bhfochair a chéile uair san tseachtmhain b'fhéidir. D'fhéadfaidís féachaint i ndiaidh lucht siopaí na háite mar is minic ná faghann an earradh Gaedhealach a ceart ó'n dream soin. D'fhéadfadh an coiste céadna eolas a sgaipeadh i dtaobh earraidhe atá dá ndéanamh i nÉirinn. Is iomdha slighe ina bhféad- fadh coiste dá shaghas so cabhrughadh le déantúisíbh Gaedhealach acht a gcroidhe bheith san obair. Ní gábhadh dhúinn a chur i n-umhail dár léightheóiríbh cad é an tairbhe a thiocfadh as do'n chraoibh is do'n Ghaedhilg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services