Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí na hÉireann

Title
Déantúisí na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Aibreán 30, 1904.



Déantúisí na hÉireann



Ag tagairt do dhéantúisíbh bhí sé de
dhánaidheacht i nduine áirithe an lá fá
dheireadh a rádh gur beag an chabhair a
thugaid muinntir Chonnartha na Gaedhilge
do dhéantúisíbh na hÉireann. Acht
deirimíd-ne leis an duine áirithe úd &
deirimíd go dána leis é “nár chan sé
an fhírinne.” Bíonn gach éinne ag
moladh déantúisí an hÉireann anois,
& á rádh gur chóir chabhrughadh leo.
Acht cia thosnuigh an gleo 'na dtaobh?
Cia adhain an teine ar dtúis? Muinn-
tir Chonnartha na Gaedhilge gan amhras.
Agus 'na theannta soin níl éan-duine
a bhaineann ó chroidhe leis an gConnradh
ná deineann a dhícheall ar son
déantúisí na hÉireann. Ní fhéadfadh
éan-duine ná éan-aicme daoine níos
mó a dhéanamh. Ar an adbhar soin ná
cloisimís a thuilleadh cnáimhseála ar
mhuinntir an Gaedhilge 'um an gceist
sin.



Acht d'fhéadfadh craobhacha an Chonn-
artha mórán eile a dhéanamh i leith
déantúisí beaga nó déantúisí cois
teineadh a chur ar bun ina gceanntair
féin. Ní tighthe móra déantúisí na
simnéithe árda a theastuigheann uainn
annso i nÉirinn acht déantúisí beaga
a chur ar bun i measc na ndaoine,
déantúisí a thabharfadh obair do'n óg
chomh maith leis an gcríona & a choimeád-
faidh as a gcinn smaointe ar imtheacht
thar sáile. Sin iad na déantúisí
d'oirfeadh dúinn & do dhéanfadh
maitheas dhúinn féin is dár dtír
dhúthchais. Agus rud eile theastóchadh
mórán airgid ó dhaoinibh chun déan-
túisí móra a chur ar bun. Is baoghalach
linn ná fuil an earradh soin ró-
fhlúirseach i measc muinntir Chonnartha
na Gaedhilge.



Acht ar an dtaobh eile dhe, ní chosnóchadh
sé an iomad airgid chun ceann éigin
de sna déantúisíbh seo cois teineadh
a chur ar bun & do choimeád ar
siubal. Dhéanfadh beagán ó gach
éinne an gnó, & féach cad é an tairbhe
is féidir d'fhágháil as. Badh chóir dá
bhrígh sin go mbeadh fuireann áirithe i
ngach craoibh de'n Chonnradh chun
féachaint i ndiaidh déantúisí. Déan-
fadh seisear nó móirsheisear an gnó;
d'fhéadfaidís teacht i bhfochair a
chéile uair san tseachtmhain b'fhéidir.
D'fhéadfaidís féachaint i ndiaidh lucht
siopaí na háite mar is minic ná
faghann an earradh Gaedhealach a
ceart ó'n dream soin. D'fhéadfadh
an coiste céadna eolas a sgaipeadh i
dtaobh earraidhe atá dá ndéanamh i
nÉirinn. Is iomdha slighe ina bhféad-
fadh coiste dá shaghas so cabhrughadh le
déantúisíbh Gaedhealach acht a gcroidhe
bheith san obair. Ní gábhadh dhúinn a
chur i n-umhail dár léightheóiríbh cad
é an tairbhe a thiocfadh as do'n chraoibh
is do'n Ghaedhilg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services