Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caitheamh Aimsire
Title
Caitheamh Aimsire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 23, 1904. Caitheamh Aimsire Is minic sinn á chur i n-umhail do léightheóiribh an CHLAIDHIMH nach fuláir rudaí eile seochas síor-mhúineadh a chur ar siubhal i gcraobhachaibh Chonnartha na Gaedhilge nó ní mhairfidh na craobhacha féin. Chíonn gach éinne féachann ar obair na gcraobh é sin. Chíd timthirí an Chonnartha é, & chíd an mhuinntir a chuir craobhacha ar bun is ná fuil a n-ainmneacha ar an áireamh anois, an rud céadna. Is iomdha craobh a chuireadh ar bun ná fuil tásc ná tuairisc uirthi anois. Tá an rud céadna ar siubhal i gcomhaidhe — craobhacha á gcur ar bun an-ghnó & an-fhothrom á dhéanamh aca ar feadh scathaimh, is annsoin éirighid tuirseach dhe is stadann gach éin-nídh. Ní fuláir féachaint chuige seo i n-am & é leigheas má's féidir. Cuir- tar craobh ar bun; bíonn sí ar siubhal go buacach is go neamh-spléadhach ar feadh scathaimh. Cad chuige go n-éirgh- eann daoine tuirseach dhi? An mhúin- teoireacht fá ndearr soin go minic is dóigh linne. Is fuirist droch-mhúin- teoireacht d'fhágháil. Acht uaireannta bíonn breis múinteoireachta againn. Dhéanfadh soin éinne corrtha. Nuair a chíonn duine & duine fásta go háirithe, ná bíonn éinnídh roimis i gcraoibh de Chonnradh na Gaedhilge acht bheith ag foghluim is ag síor-fhoghluim, dá mhéid é a dhúil san dteangain, is gearr go mbeidh sé tuirseach de'n tsaothar. Theastóchadh greann is sult is caitheamh aimsire éigin eile ó n-a leithéid is mara bhfuighidh sé i gConn- radh na Gaedhilge iad geobhaidh leath- smuigh dhe. Do mholfaimís rinnce & ceol na hÉireann go gach craoibh. Is maith an rás iad chun daoine a chongbháil le chéile. Badh chóir go mbeadh fuireann báire ag baint le gach craoibh & go mbeadh comórtais idir chraobhachaibh go minic ar chuma go gcuirfidís aithne ar a chéile. Ná déintear dearmad ar rinnce ná ar cheol ná ar chleasaibh lúith ár sinnsear a choimeád ar siubhal i ngach craoibh is beidh feabhas ar an gcraoibh dá bhárr. Acht os a gcionn soin go léir ní fuláir nó d'fhéadfadh craobhacha an Chonnartha mórán a dhéanamh ar son déantúisí beaga a chur ar siubhal ar fuid na tíre. Táimid á chur romhainn beagán a rádh mar gheall air seo & badh mhaith linn comhaltas déantúisí a fheicsint ar bun i ngach craoibh de'n Chonnradh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services