Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caitheamh Aimsire

Title
Caitheamh Aimsire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Aibreán 23, 1904.



Caitheamh Aimsire



Is minic sinn á chur i n-umhail do
léightheóiribh an CHLAIDHIMH nach fuláir
rudaí eile seochas síor-mhúineadh a
chur ar siubhal i gcraobhachaibh Chonnartha
na Gaedhilge nó ní mhairfidh na
craobhacha féin. Chíonn gach éinne
féachann ar obair na gcraobh é sin.
Chíd timthirí an Chonnartha é, & chíd an
mhuinntir a chuir craobhacha ar bun is
ná fuil a n-ainmneacha ar an áireamh
anois, an rud céadna. Is iomdha
craobh a chuireadh ar bun ná fuil tásc
ná tuairisc uirthi anois. Tá an rud
céadna ar siubhal i gcomhaidhe —
craobhacha á gcur ar bun an-ghnó &
an-fhothrom á dhéanamh aca ar feadh
scathaimh, is annsoin éirighid tuirseach
dhe is stadann gach éin-nídh.



Ní fuláir féachaint chuige seo i
n-am & é leigheas má's féidir. Cuir-
tar craobh ar bun; bíonn sí ar siubhal
go buacach is go neamh-spléadhach ar
feadh scathaimh. Cad chuige go n-éirgh-
eann daoine tuirseach dhi? An mhúin-
teoireacht fá ndearr soin go minic is
dóigh linne. Is fuirist droch-mhúin-
teoireacht d'fhágháil. Acht uaireannta
bíonn breis múinteoireachta againn.
Dhéanfadh soin éinne corrtha. Nuair
a chíonn duine & duine fásta go
háirithe, ná bíonn éinnídh roimis i
gcraoibh de Chonnradh na Gaedhilge acht
bheith ag foghluim is ag síor-fhoghluim,
dá mhéid é a dhúil san dteangain, is
gearr go mbeidh sé tuirseach de'n
tsaothar. Theastóchadh greann is sult
is caitheamh aimsire éigin eile ó n-a
leithéid is mara bhfuighidh sé i gConn-
radh na Gaedhilge iad geobhaidh leath-
smuigh dhe.



Do mholfaimís rinnce & ceol na
hÉireann go gach craoibh. Is maith an
rás iad chun daoine a chongbháil le
chéile. Badh chóir go mbeadh fuireann
báire ag baint le gach craoibh & go
mbeadh comórtais idir chraobhachaibh go
minic ar chuma go gcuirfidís aithne ar
a chéile. Ná déintear dearmad ar
rinnce ná ar cheol ná ar chleasaibh lúith
ár sinnsear a choimeád ar siubhal i
ngach craoibh is beidh feabhas ar an
gcraoibh dá bhárr. Acht os a gcionn
soin go léir ní fuláir nó d'fhéadfadh
craobhacha an Chonnartha mórán a
dhéanamh ar son déantúisí beaga a
chur ar siubhal ar fuid na tíre.
Táimid á chur romhainn beagán a rádh
mar gheall air seo & badh mhaith linn
comhaltas déantúisí a fheicsint ar
bun i ngach craoibh de'n Chonnradh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services