Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Béal Átha an Ghaorthaidh
Title
Béal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 16, 1904. Taisbeánadh. An dream so a bhí ag iarraidh Taisbeánadh Idir-Náisiúnta bheith aca cuireadh an ruaig glan orra ina gcuid féin cainnte. Cheap siad go dtiubhradh an obair airgead isteach sa tír & go gcaithfidhe sa tír é. Ní bheadh aon locht an t-airgead a chaitheamh san tír, acht níor innis na Gall-Ghaedhil nuair a bhíodar ag cainnt ar airgid, ná níor innsigheadar fós cé aige a mbeadh a thabhairt amach. Tá siad ag iarraidh an t-airgead & a thabhairt amach a bheith ag an bhfear thall agus aca féin, & deoladh beag a thabhairt do'n Ghaedheal. Acht tá an Gaedheal ag iarraidh seasamh ar bhonnaibh a chos féin, an t-airgead a dhéanamh uaidh féin, & rath & bail a bheith air dá bharr, & gan a bheith i gcleitheamhnas an Ghaill ná an fhir choimhighthigh. Má rinne Gall-Ghaedhil & neamh- Ghaedhil ciseach de'n tír le n-a ciantaibh, & iad ag leigean orra féin, mar bharr bioráin ar an scéal, gur ar mhaithe leis an nGaedheal a bhíodar i gcomh- naidhe, gcomhnaidhe, bíodh fhios aca go bhfuil an Gaedheal ag taisbeáint anois le goirid nach conndae ná cúige ná roinn ar bith eile de Shasana atá san tír seo. Sin rud nach dtuigeann an dream neamh-Ghaedhealach fós, & ní misde innsin dóibh go bhfuil míonach fa thalamh, & os cionn talmhan againn a dheanfas saidhbhreas do mhuinntir na hÉireann, & nach mbeidh orra, nuair a bhéas an míonach saothruighthe bheith i gcleitheamhnas múr airgid ó mhuinntir na Galldacha, acht go mbéidh sé aca dá gcuid féin. Annsin, féadfam Taisbeánadh Idir-Náisiúnta bheith againn, nuair a bhéas ar dteanga, ar míonach & ar náisiúntacht againn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services