Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Béal Átha an Ghaorthaidh

Title
Béal Átha an Ghaorthaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Aibreán 16, 1904.



Taisbeánadh.



An dream so a bhí ag iarraidh
Taisbeánadh Idir-Náisiúnta bheith aca
cuireadh an ruaig glan orra ina
gcuid féin cainnte. Cheap siad go
dtiubhradh an obair airgead isteach sa
tír & go gcaithfidhe sa tír é. Ní bheadh
aon locht an t-airgead a chaitheamh san
tír, acht níor innis na Gall-Ghaedhil
nuair a bhíodar ag cainnt ar airgid,
ná níor innsigheadar fós cé aige a
mbeadh a thabhairt amach.



Tá siad ag iarraidh an t-airgead &
a thabhairt amach a bheith ag an bhfear
thall agus aca féin, & deoladh beag a
thabhairt do'n Ghaedheal. Acht tá an
Gaedheal ag iarraidh seasamh ar bhonnaibh
a chos féin, an t-airgead a dhéanamh uaidh
féin, & rath & bail a bheith air dá bharr,
& gan a bheith i gcleitheamhnas an Ghaill
ná an fhir choimhighthigh.



Má rinne Gall-Ghaedhil & neamh-
Ghaedhil ciseach de'n tír le n-a ciantaibh,
& iad ag leigean orra féin, mar bharr
bioráin ar an scéal, gur ar mhaithe
leis an nGaedheal a bhíodar i gcomh-
naidhe, gcomhnaidhe, bíodh fhios aca go
bhfuil an Gaedheal ag taisbeáint anois
le goirid nach conndae ná cúige ná
roinn ar bith eile de Shasana atá san
tír seo. Sin rud nach dtuigeann an
dream neamh-Ghaedhealach fós, & ní
misde innsin dóibh go bhfuil míonach
fa thalamh, & os cionn talmhan againn
a dheanfas saidhbhreas do mhuinntir na
hÉireann, & nach mbeidh orra, nuair a
bhéas an míonach saothruighthe bheith i
gcleitheamhnas múr airgid ó mhuinntir
na Galldacha, acht go mbéidh sé aca
dá gcuid féin. Annsin, féadfam
Taisbeánadh Idir-Náisiúnta bheith
againn, nuair a bhéas ar dteanga, ar
míonach & ar náisiúntacht againn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services