Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tSíor-Imeacht
Title
An tSíor-Imeacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 09, 1904. An tSíor-Imtheacht Is mór an dícheann ar an tír cúig mhíle dhéag duine, de'n dream is fearr le fágháil innti, imtheacht aisti de shiubhal mí an Aibreáin & mí na Bealtaine i n-uraidh. D'imthigh an méid sin aisti i rith ocht seachtmhainí. Is ionann é, mar adeir an Cumann atá i n-aghaidh na hImirce, & baile mór chomh mór le Gaillimh nó le Dún Dealgán a bhánughadh amach is amach, & a sguabadh de dhruim na talmhan. Seadh! is ionann an cás do'n tír é & dá bhfuigheadh an oiread soin daoine bás; acht is ionann an cás dóibh féin é & iad féin a chaitheamh sa draoib & sa lathaigh. Tá deireadh a gcuid sóláis feicthe agá n-a bhfurmhór. Caithfidh an chuid is mó aca an chuid eile dá saoghal ar seachrán síos is suas soir is siar ar fud na tíre coimhighthigh. Fá cheann tamaill béidh an saoghal ag teacht 'na n-aghaidh chomh láidir sin is go ndéanfaidh siad dearmad ar Éirinn, seadh, & is minic a ghníonn siad dearmad go rabhadar ariamh 'na gCríostaidhibh. Acht níl aon mhaith ag bagairt orra muna mbagróchaidh a muinntir féin táll orra. Is fearr focal béil ó n-a ngaoltaibh thall ag bagairt orra fanamhaint sa mbaile ná dá mbeadh an Cumann i n-aghaidh na Imirce agá gcomhairliughadh lá & bliadhain. Uime sin, dá bhféadfaidhe tabhairt do'n mhuinntir thall comhairle chur ar mhuinntir na hÉireann fana- mhaint sa mbaile & gan a bheith ag bánughadh bailteacha na tíre & 'gá mbánughadh féin, b'fhéidir go gcuirfidhe cosg beag éigin leis an imtheacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services