An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Aibreán 09, 1904.
An tSíor-Imtheacht
Is mór an dícheann ar an tír cúig
mhíle dhéag duine, de'n dream is
fearr le fágháil innti, imtheacht aisti
de shiubhal mí an Aibreáin & mí na
Bealtaine i n-uraidh. D'imthigh an
méid sin aisti i rith ocht seachtmhainí.
Is ionann é, mar adeir an Cumann
atá i n-aghaidh na hImirce, & baile
mór chomh mór le Gaillimh nó le Dún
Dealgán a bhánughadh amach is amach, &
a sguabadh de dhruim na talmhan.
Seadh! is ionann an cás do'n tír é &
dá bhfuigheadh an oiread soin daoine
bás; acht is ionann an cás dóibh féin
é & iad féin a chaitheamh sa draoib &
sa lathaigh. Tá deireadh a gcuid sóláis
feicthe agá n-a bhfurmhór. Caithfidh an
chuid is mó aca an chuid eile dá
saoghal ar seachrán síos is suas soir
is siar ar fud na tíre coimhighthigh. Fá
cheann tamaill béidh an saoghal ag
teacht 'na n-aghaidh chomh láidir sin is
go ndéanfaidh siad dearmad ar
Éirinn, seadh, & is minic a ghníonn siad
dearmad go rabhadar ariamh 'na
gCríostaidhibh. Acht níl aon mhaith
ag bagairt orra muna mbagróchaidh a
muinntir féin táll orra. Is fearr
focal béil ó n-a ngaoltaibh thall ag
bagairt orra fanamhaint sa mbaile
ná dá mbeadh an Cumann i n-aghaidh
na Imirce agá gcomhairliughadh lá &
bliadhain. Uime sin, dá bhféadfaidhe
tabhairt do'n mhuinntir thall comhairle
chur ar mhuinntir na hÉireann fana-
mhaint sa mbaile & gan a bheith ag
bánughadh bailteacha na tíre & 'gá
mbánughadh féin, b'fhéidir go gcuirfidhe
cosg beag éigin leis an imtheacht.