Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá na gCrann
Title
Lá na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Márta 26, 1904. “Lá na gCrann” Tamall ó shoin do chuireamar ár smaointe féin ar cheist na gcrann os comhair léightheóirí an CHLAIDHIMH. Is maith linn a fheicsint go bhfuiltear ag tosnughadh ar rud éigin a dhéanamh chun muing a chur ag fás ar “Inis na bhFíodhbhadh,” i slighe go n-oirfidh an t-ainm di. Badh bheag an mhaith dhúinne ná d'éinne eile bheith ag cainnt muna mbeadh toradh orainn. Is fearr éin- ghníomh amháin ná dá mbeifidhe ag cainnt as so go meitheamh an fhoghmhair, mar is é an gníomh a thugann sompla & sé an sompla a leantar. Do sgríobh fear de mhuinntir Ghlaschaidhe litir ag triall ar na páipéaraibh nuaidheachta timcheall mí ó shoin. Dubhairt sé san litir úd gur mhaith an rud é lá áirithe san mbliadhain do cheapadh is do thóghadh amach i gcomhair crainn a chur, & “Lá na gCrann” a thabhairt ar an lá soin. Dubhairt sé leis gur mhaith an rud é “Lá na gCrann” a dhéanamh de Lá Fhéile Pádraig. Tamall 'na dhiaidh sin do sgríobh Muinntir Bhrúin — sé sin an cumann úd san Domhnach Mór thíos i gConntae Thír Eoghain a dheineann an galamhnach — litir eile ag cabhrughadh le Mac Uí Ghlaschaidhe & ag moladh an sgéil chéadna. Dubhradar go bhfuil mórán crann a gcur aca ar a bhfeirm féin i mbliadhna. Do mhol cuid dár bpáipéaraibh nuaidheachta an gnó so, & d'fhan an chuid eile aca gan focal a rádh 'na thaobh. Is cuma dhúinn i dtaobh na coda d'fhan 'na dtost; bhíodar riamh & táid fós i gcoinnibh gach deagh-oibre ar son Éireann. Gan amhras badh mhaith an rud é dá gceapfaidhe lá áirithe & “Lá na gCrann” a thabhairt air. Do bheimís deimhnitheach annsoin go mbeadh na crainn á gcur, & i gceann fiche éigin bliadhain go mbeadh deallramh fóghanta ar ghnúis na tíre, rud a theastuigheann go géar uaithi. Acht féach, tá eagla orainn go bhfuil Lá Fhéile Pádraig ró- dhéidheannach san mbliadhain. Do chuireadh mórán crann Lá Fhéile Pádraig seo ghabh tharainn i gConntae Thír Eoghain. Bhí an-ghleó & an-tabhairt amach aca ann, acht 'na dhiaidh sin tá na crainn dá gcur déidheannach. Ná féadfaidhe “Lá na gCrann” a dhéanamh de Lá Fhéile Bríghde? Bheadh Lá Fhéile Bríghde i bhfad ní b'áiseamhla ar gach cuma agus is fearr d'oirfeadh mar shéasúr i gcomhair crainn a chur ná Lá Fhéile Pádraig. Sin é ár meas féin ar éan-chuma.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services