An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Márta 26, 1904.
“Lá na gCrann”
Tamall ó shoin do chuireamar ár
smaointe féin ar cheist na gcrann os
comhair léightheóirí an CHLAIDHIMH. Is
maith linn a fheicsint go bhfuiltear ag
tosnughadh ar rud éigin a dhéanamh chun
muing a chur ag fás ar “Inis na
bhFíodhbhadh,” i slighe go n-oirfidh an
t-ainm di. Badh bheag an mhaith dhúinne
ná d'éinne eile bheith ag cainnt muna
mbeadh toradh orainn. Is fearr éin-
ghníomh amháin ná dá mbeifidhe ag
cainnt as so go meitheamh an fhoghmhair,
mar is é an gníomh a thugann sompla
& sé an sompla a leantar.
Do sgríobh fear de mhuinntir
Ghlaschaidhe litir ag triall ar na
páipéaraibh nuaidheachta timcheall mí ó
shoin. Dubhairt sé san litir úd gur
mhaith an rud é lá áirithe san
mbliadhain do cheapadh is do thóghadh
amach i gcomhair crainn a chur, & “Lá
na gCrann” a thabhairt ar an lá soin.
Dubhairt sé leis gur mhaith an rud é
“Lá na gCrann” a dhéanamh de Lá
Fhéile Pádraig. Tamall 'na dhiaidh
sin do sgríobh Muinntir Bhrúin — sé
sin an cumann úd san Domhnach Mór
thíos i gConntae Thír Eoghain a
dheineann an galamhnach — litir eile ag
cabhrughadh le Mac Uí Ghlaschaidhe & ag
moladh an sgéil chéadna. Dubhradar
go bhfuil mórán crann a gcur aca ar
a bhfeirm féin i mbliadhna.
Do mhol cuid dár bpáipéaraibh
nuaidheachta an gnó so, & d'fhan an
chuid eile aca gan focal a rádh 'na
thaobh. Is cuma dhúinn i dtaobh na coda
d'fhan 'na dtost; bhíodar riamh & táid
fós i gcoinnibh gach deagh-oibre ar son
Éireann.
Gan amhras badh mhaith an rud é dá
gceapfaidhe lá áirithe & “Lá na
gCrann” a thabhairt air. Do bheimís
deimhnitheach annsoin go mbeadh na
crainn á gcur, & i gceann fiche éigin
bliadhain go mbeadh deallramh fóghanta
ar ghnúis na tíre, rud a theastuigheann
go géar uaithi. Acht féach, tá eagla
orainn go bhfuil Lá Fhéile Pádraig ró-
dhéidheannach san mbliadhain. Do
chuireadh mórán crann Lá Fhéile
Pádraig seo ghabh tharainn i gConntae
Thír Eoghain. Bhí an-ghleó & an-tabhairt
amach aca ann, acht 'na dhiaidh sin tá
na crainn dá gcur déidheannach. Ná
féadfaidhe “Lá na gCrann” a
dhéanamh de Lá Fhéile Bríghde? Bheadh
Lá Fhéile Bríghde i bhfad ní b'áiseamhla
ar gach cuma agus is fearr d'oirfeadh
mar shéasúr i gcomhair crainn a chur
ná Lá Fhéile Pádraig. Sin é ár meas
féin ar éan-chuma.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11